Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Gantly, Sean

jgantly

Ainm: Mag Sheanlaoich, Seán

Céim: An tArd Cheannfort

Uimhir Chláraithe: 4804

Stáisiún: Caisleán Bhaile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 24

Cúlra: Ba as Ros Cré, Contae Thiobraid Árann, do Sheán Mag Sheanlaoich, a rugadh ar an 6ú Deireadh Fómhair 1899. D’oibrigh sé mar riarthóir sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 27ú Meitheamh 1923. Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é agus freisin fuair sé seirbhís mhíleata sa ‘B’ Complacht, 2ú Cathlán Bhaile Átha Cliath. Fuair sé ardú céime go céim an tSáirsint (1924), Cheannfoirt (1925) agus Ardcheannfoirt (1941). Bhí sé pósta le seisear clainne agus chomh maith leis sin d’fhóin sé i gCeannanus Mór, i nDún na nGall agus i gCill Áirne.

Cuinsí: Ar an 21ú Eanair 1948 bhí an tArdcheannfort Mag Sheanlaoich ag treorú buíon Gardaí ó Bhrainse na mBleachtairí, Caisleán Bhaile Átha Cliath, ag lorg priosúnaithe a bhí tar éis éalú ag Teilgcheárta Lána an Chrochaire, Baile Átha Cliath, nuair a lámhadh tré thimpiste é.