Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Foley, Patrick

PatrickFoley

Ainm: Ó Foghlú, Pádraig

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 8786

Stáisiún: Ard na Croise, Contae an Chláir

Blianta Seirbhíse: 18

Cúlra: Ba as Fern Hill, Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir, do Phádraig Ó Foghlú, a rugadh ar an 15ú Iúil 1897. D’oibrigh sé roimhe sin mar fheirmeoir agus chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 22ú Márta 1935. Bhí seirbhís mhíleata aige cheana sa 5ú Cathlán, Briogáid Lár an Chláir (1917-1921). Bhí an Garda Ó Foghlú pósta le ceathrar clainne.

Cuinsí: Ar 9.45 i.n. ar Chéadaoin an 11ú Samhain 1953, bhí an Garda Ó Foghlú, maraon le comhleacaí, ar phatról coise ag siúl ar Bhóthar Chill Dalua/Luimnigh ag áit darbh ainm Ros Mada in aice le Crosaire Uí Chonchúir agus a aghaidh dírithe ar Luimneach.  Bhuail leoraí, a bhí ag taisteal an treo céanna, an Garda Ó Foghlú.  Tógadh chuig an ospidéal é agus fuair sé bás dá ghortaithe ar an 13ú Samhain 1953.