Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Flynn, John

JohnFlynn

Ainm: Ó Floinn, Seán

Céim: An Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 10445M

Stáisiún: Dún Dealgan, Contae Lú

Blianta Seirbhíse: 8

Cúlra: Ba as Ré na dTiompán, Baile Mhac Cairbre, Contae Phort Láirge, do Sheán Ó Floinn a rugadh ar an 12ú Samhain 1929. D’oibrigh sé mar chléireach sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 11ú Samhain 1953. D’fhóin sé san Fhórsa Cosanta Éireann (1949-1953). Ceapadh é go dtí an Brainse Bleachtaire ar an 17ú Iúil 1961, d’fhóin sé freisin i mBaile Átha Troim agus i gCrios an Mhaoir. Ní raibh sé pósta.

Cuinsí: Ar an 16ú Samhain 1961 bhí an Bleachtaire Garda Ó Floinn ar dualgas ag tionlacan ógánaigh go dtí ionad coinneála ag Daingean, Contae Uíbh Fhailí. Le linn dóibh bheith ar an mbealach bhí an fheithicil ina raibh said páirteach i dtimpiste tráchta. Fuair an Bleachtaire Garda Ó Floinn bás dá chuid ghortaithe.