Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Fitzsimons, John Michael

jmfitzsimons

Ainm: Mac Síomóin, Seán Mícheál

Céim: An Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 10543M

Stáisiún: Mainistir Eimhín, Contae Chill Dara

Blianta Seirbhíse: 9

Cúlra: Ba as Droim Bracháin, Droim Caiside, An Cnoc Rua, Contae an Chabháin, do Sheán Mac Síomóin. A rugadh ar an 8ú Lúnasa 1929. Bhí sé ag obair mar fhear comharthaíochta ar Mhór-Iarnród an Tuaiscirt sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 12ú Samhain 1953. D’fhóin sé leis an bhFórsa Cosanta Éireann (1946-1953). Fuair sé ardú céime go céim an tSáirsint ar an 4ú Feabhra 1959 agus freisin d’fhóin sé i gCill Dara, i Nás, i gCill Droichid, i mBalana agus i nGleann Fearna. Bhí an Sáirsint Mac Síomóin pósta le beirt chlainne.

Cuinsí: Ag 8.50 i.n. ar an 15ú Márta 1963, bhí an Sáirsint Mac Síomóin ag fiosrú timpiste tráchta ag Baile Cnág, Mainistir Eimhín nuair a leagadh chun bóthair é ag feithicil a bhí ag dul thar bráid, rud a thug drochghortaithe dó. Aistríodh é go dtí Ospidéal Chontae an Náis, áit a fuair sé bás dá ghortaithe ag 11.30 i.n. ar an 16ú Márta 1963.