Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Fitzsimons, James

jfitzsimons

Ainm: Mac Siomóin, Séamas

Céim: An Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 2566

Stáisiún: Naomh Lúcás, Corcaigh

Blianta Seirbhíse: 4

Cúlra: Ba as Baile Loch Cuan, Contae an Dúin, do Shéamus Mac Siomóin a rugadh ar an 23ú Bealtaine 1903. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 23ú Samhain 1922, bhí sé ag obair mar leictreoir roimhe seo. D’fhóin sé sa 3ú Roinn Thuaidh d’Óglaigh na hÉireann ar feadh tréimhse 18 mí sula ndeachaigh sé isteach sna Gardaí. B’fhear singil é an Sáirsint Mac Siomóin.

Cuinsí: Ar an 14ú Samhain ionsaíodh go comhbheartaithe 12 stáisiún na nGardaí ar fud na tíre. Bhí an Stáisiún Naomh Lúcás i gCathair Chorcaí ar cheann de na stáisiúin seo, nuair a d’ionsaigh buíon d’fhear armtha an stáisiún agus rinne said iarracht iontráil trí phríomhdoras an fhoirgnimh a bhrú isteach. Tháinig an Sáirsint Mac Siomóin i láthair na bhfear armtha sa phasáiste agus é ag iarraidh bac a chur leis an doras nuair a lámhadh fuar marbh é.