Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Downey, James Gerard

jdowney

Ainm: Mac Giolla Domhnaigh, Séamas Gearóid

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 20018B

Stáisiún: Sráid Anraí, Luimneach

Blianta Seirbhíse: 7

Cúlra: Ba as 10 Ascaill Ard Uí Mhainnín, Bóthar an Tóchair, Corcaigh, do Shéamas Mac Giolla Domhnaigh, a rugadh ar an 7ú Nollaig 1955. Mac léinn, a chuaigh isteach sa Gharda Síochána ar an 8ú Eanáir 1975. Bhí an Garda Mac Giolla Domhnaigh pósta agus d’fhóin sé freisin i gCill Rois agus i Sráid Liam. B’iad na caitheamh aimsire a bhí aige ná iománaíocht, peil Ghaelach le cumann CLG Naomh Fionnbarra, sacar agus liathróid láimhe.

Cuinsí: Ar an 12ú Feabhra 1982, bhí an Garda Mac Giolla Domhnaigh ar dualgas iasachta i Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, mar chuid de chúrsa oiliúna nuair a bhí an fheithicil oifigiúil ina raibh sé ag taisteal i timpiste ag Bóthar na Carraige, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath. Maraíodh an Garda Mac Giolla Domhnaigh ar an toirt.