Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Dowling, Thomas

tdowling

Ainm: Ó Dúllaing, Tomás

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 5708

Stáisiún: Fánóir, Contae an Chláir

Blianta Seirbhíse: 2

Cúlra: Ba as 7 Sráid Ard, Béal Átha Ragad, Contae Chill Chainnigh, do Tomás Ó Dúllaing, a rugadh ar an 5ú Iúil 1896. D’oibrigh sé mar shiúinéur roimhe seo agus chomh maith leis seo bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse, ina dhiaidh seo chuaigh sé isteach san Arm Náisiúnta ag sroichint céim an Leifteanaint. Gortaíodh é le linn a chuid seirbhíse i luíochán in aice le Cluain Meala, Contae Thiobraid Árann. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 26ú Márta 1924. Ba mhac aonair é Garda Ó Dúda. Ní raibh sé pósta.

Cuinsí: Ar an 28ú Nollaig 1925 bhí Garda Ó Dúllaing, i dteannta comhalta eile, ag filleadh ó Stáisiún na nGardaí, Fánóir, tar éis cúpla uair a chloig ar phatról rothair sa cheantar lámh leis. Nuair a bhí siad ag dul thar reilig na Creagaí scaoileadh urchar leo ba chúis le bás an Gharda Uí Dúllaing. Ceaptar gur maraíodh an Garda Ó Dúllaing mar dhíoltas ar a fhorfheidhmiú na nDlithe um Stiléireacht Neamhdhlisteanach.