Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Dowd, David Brian

ddowd

Ainm: Ó Dúda, Daithí Brian

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 22762E

Stáisiún: Ráth Éanaigh, Baile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 6

Cúlra: Ba as Achadh Mhadáin, Baile Nua an Chaisil, Contae Longfoirt do Dhaithí Ó Dúda, a rugadh ar an 7ú Aibreán 1962. Mac léinn ab ea é, chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 5ú Iúil 1982. Nuair a chríochnaigh sé lena chuid traenála tugadh Stáisiún na nGardaí, An Ráth Éanaigh, dó. B’iad na caitheamh aimsire a bhí aige ná peil Ghaelach, sacar, rugbaí, cispheil agus iascaireacht.

Cuinsí: Ag 10.30 i.n. ar an 18ú Feabhra 1989 chonacthas beirt ógánach ar dhíon garáiste ag 337 Páirc Chill Fhionntain , Baile Átha Cliath 13. Nuair a fuair na Gardaí an t-eolas seo chuaigh cúpla carr patróil chuig an láthair. Bhí Garda Daithí Ó Dúda i measc na nGardaí a d’fhreagair an glaoch ionróra seo agus lonnaigh sé é féin ar an line DART taobh thiar den teach. Tháinig traein DART ar chúl Garda Ó Dúda agus a thriúr comhleacaí. Chonaic duine dá chomhleacaí an traein agus ghlaoigh sé air an bealach a fhágáil, ag an am chéanna bhuail an traein Garda Ó Dúda. Tógadh é ón láthair in otharcharr go dtí an Ospidéal Mater ag sroichint na háite ag 11.10 i.n. Aistríodh é go dtí Ospidéal Beaumont  ina dhiaidh sin, áit a fuair sé bás dá ghortaithe ag 2.00 r.n. ar an 19ú Feabhra 1989.