Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Donohoe, Adrian

AdrianDonohoeweb

Ainm: Donohoe, Adrian

Céim: Detective Garda

Uimhir Chláraithe: 26222F

Stáisiún: Stáisiún Ghardaí Dhún Dealgan

Blianta Seirbhíse: 19

Cúlra:
Rugadh Adrian Donohoe i mí Eanáir 1972 i gCill na Leice, Co. an Chabháin. D'fhás sé aníos ar fheirm bheag lena triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha. Bhí sé an-tugtha don pheil Ghaelach, d'imir sé i lár na páirce dá chlub áitiúil agus ina dhiaidh sin d’imir sé le CLG an Chabháin ag leibhéal faoi 21. Chuaigh Adrian isteach sa Gharda Síochána i 1994 agus bhí sé pósta le beirt leanaí.

Cúinsí:
Ag 9:30pm an 25 Eanáir 2013, chuaigh an Bleachtaire Garda Adrian Donohoe agus a chomhghleacaí, an Bleachtaire Garda Joe Ryan isteach sa charrchlós de Chomhar Creidmheasa an Tiarnais, Dún Dealgan, Co Lú ar ghnáth-thionlacan airgid thirim. Tháinig carr dorcha isteach sa charrchlós le tuairim is ceathrar istigh ann. D’éirigh duine amháin amach as an gcarr seo agus scaoileadh urchar leis an mBleachtaire Garda Adrian Donohoe agus maraíodh é.