Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Dixon, Desmond John

ddixon

Ainm: Mac Riocaird, Deasún Seán

Céim: An Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 23363C

Stáisiún: Brainse ‘C’ , Ceanncheathrú an Gharda Síochána

Blianta Seirbhíse: 18

Cúlra: Ba as Bóthar Bhinn Éadair, An Ráth Éanaigh, Baile Átha Cliath 5, do Dheasún Mac Riocaird a rugadh ar an 22ú Nollaig 1960. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 2ú Márta 1983. Bhí sé ag obair roimhe sin mar stiúrthóir bus. D’fhóin sé ar feadh tréimhse san Fhórsa Cosanta Áitiúil sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána. Bhí an-suim aige sa staidéar acadúil, ag baint céim amach trí oideachas páirt aimseartha. Bhí an Bleachtaire Garda Mac Riocaird pósta le triúr clainne agus d’fhóin sé chomh maith i Sráid an Stórais, i gCluain Tarbh agus i mBinn Éadair. B’iad na caitheamh aimsire a bhí aige ná galf agus ceol.

Cuinsí: Ag 7.25 i.n. ar thráthnóna an 15ú Samhain 2001 bhí an Bleachtaire Garda Deasún Mac Riocaird ar dualgas ag tiomáint carr patróil oifigiúil gan suaitheantais ar an gCuar Bhóthar Theas, Dún Dealgan, Contae Lú.  Bhuail feithicil, a bhí ag taisteal ar an taobh mícheart den débhealach, an carr patróil. Aistríodh ón áit é an Bleachtaire Mac Riocaird agus tógadh go dtí Ospidéal Chontae Lú é, áit ar dearbhaíodh a bhás.