Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Conroy, Noel Martin

nconroy

Ainm: Ó Conraoi, Nollaig Máirtín

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 19207D

Stáisiún: Tuaim

Blianta Seirbhíse: 15

Cúlra: Ba as 55 Bóthar Bhaile Átha Cliath, An Rinn Mhór, Contae na Gaillimhe, do Nollaig Ó Conraoi a rugadh ar an 30ú Samhain 1951. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 11ú Aibreán 1973. D’fhóin sé ar feadh tréimhse san Fhórsa Cosanta Aitiúil sula ndeachaigh sé isteach sna Gardaí. Bhí sé pósta le triúr clainne agus sheirbheáil sé freisin i Muineachán agus i mBaile an Tobair. B’iad na caitheamh aimsire a bhí aige ná iascaireacht agus mótarspóirt.

Cuinsí: Ag 12.20 i.n. ar an Aoine an 28ú Deireadh Fómhair 1988 bhí Garda Ó Conraoi i mbun cúrsa traenála oifigiúil le haghaidh gluaisrothar ag Ionad Traenála an Gharda Síochána, An Teampall Mór, Contae Thiobraid Árann. Le linn dó bheith ag taisteal ón Tulach Mhór go Biorra d’imigh gluaisrothar Uí Chonraoi ó smacht ag  Gleann an Mhuine, Biorra, Contae Uíbh Fhailí, ba chúis leis titim i dtreo chairr a bhí ag teacht ina threo. Fuair an Garda Ó Conraoi bás as na gortaithe a fuair sé sa timpiste.