Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Connolly, Denis Alphonsus

dconnolly

Ainm: Ó Conghaile, Donncha Alfonsas

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 20676H

Stáisiún: Port Láirge

Blianta Seirbhíse: 5

Cúlra: Ba as An Mhaighean Ard, Maighean, Durlas, Contae Thiobraid Árann, do Dhonncha Ó Conghaile, a rugadh ar an 31ú Iúil 1957. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 3ú Lúnasa 1977. Bhí Garda Ó Conghaile pósta. D’imir sé peil agus iománaíocht le linn a am saoir. Bhí baint aige le Cumann Ógánach an Lúthchleas Gael Naomh Pól, Lios Dúgáin/Larchville, Port Láirge, Cnoc Sióin agus foirne iomána na nGardaí.

Cuinsí: Ar an  Luan, an 11ú Iúil 1983, bhí Garda Ó Conghaile maraon le Garda Seosamh Ó hUrthaile, ar phatról sa charr Chór Tráchta ó Stáisiún na nGardaí, Port Láirge ar an mBóthar Dhún Garbháin/Phort Láirge, in aice leis an Sráidbhaile. Bhuail an carr patróil agus leoraí altach, a bhí ag taisteal ar an treo eile, i gcoinne a chéile.  Mar thoradh ar an timpiste sádh doras an charr patróil istreach i gcoinne Gharda Uí Chonghaile, a thug gortaithe tromchúiseacha dó. Thóg otharcharr, a bhí ag dul thar bráid, Garda Ó Conghaile go dtí an ospidéal, áit a fuair sé bás dá ghortaithe.