Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Colleran, Paul

pcolleran

Ainm: Ó Callaráin, Pól Ó Callaráin

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 26973E

Stáisiún: Gaillimh

Blianta Seirbhíse: 5

Cúlra: Ba as Páirc an Chairéil, Maigh Locha, Béal Átha na Slua, Contae na Gaillimhe, do Phól Ó Callaráin a rugadh ar an 25ú Aibreán 1975. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána mar Ábhar Garda ar an 29ú Deireadh Fómhair 1996. Bhí sé ag obair roimhe sin mar theicneoir suímh tar éis Dioplóma i Staidéar Tógála agus Teastas Náisiúnta san Innealtóireacht bheith bronnta air. D’fhóin an Garda Ó Callaráin mar Gharda i Sráid Mhic Giobúin, Baile Átha Cliath agus san Uaimh.

Cuinsí: Ag 4.30 i.n ar an gCéadaoin, an 5ú Márta 2003, bhí an Garda Ó Callaráin ar dualgas, ag tiomáint a charr príomháideach féin, ag filleadh ón gCúirt Dúiche san Uaimh go dtí a bhuanstáisiúin i mBaile Locha Riach. Bhuail carr an Gharda Uí Challaráin leoraí altach ag Raitin, Ceann Átha Gad, Contae na hIarmhí. Fuair an Garda Ó Callaráin drochghortaithe cinn agus fuair sé bás uathu ar an 7ú Márta 2003.