Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cody, Richard

rcody

Ainm: Mac Óda, Risteard

Céim: An Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 1315

Stáisiún: An Tulach, Contae Cheatharlach

Blianta Seirbhíse: 29

Cúlra: Ba as An Crochta Beag, Bearna na Gaoithe, Contae Chill Chainnigh, do Risteard Mac Óda, a rugadh ar an 14ú Nollaig 1897. Bhí sé ag obair mar chléireach sula ndeachaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 23ú Bealtaine 1922. D’fhóin sé leis na hÓglaigh ar feadh trí bliana roimhe seo chomh maith. Bhí an Sáirsint Mac Óda pósta le beirt chlainne. Chomh maith leis seo d’fhóin sé mar Gharda i mBiorra, i gCairbre, i gCnocán Bhólais, san Fhear Bán agus i Ráth Domhnaigh.

Cuinsí: Ar an 8ú Aibreán 1952 bhí an Sáirsint Mac Óda ar diúité ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, An Tulach, nuair a stop cara dílis leis, fear gnó áitiúil, ina fhuilcharr chun labhairt leis an Sáirsint. Ba fhuilcharr é inar oscail na doirse amach i dtreo an chuid tosaigh den fheithicil. Nuair a stop an carr in aice le Sáirsint Mac Óda d’oscail an tiománaí an doras go tapaidh, ba chúis leis an murlán bheith greamaithe sa chrios smachtín a bhí á chaitheamh ag an Sáirsint, á tharraingt chuig an talamh, áit ar bhuail sé a cheann go dona, a thug gortaithe dó ba chúis lena bhás.