Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Clerkin, Michael Augustine

mclerkin

Ainm: Ó Cléirchín, Mícheál Agaistín

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 18189G

Stáisiún: Cúil an tSúdaire, Contae Laoise

Blianta Seirbhíse: 4

Cúlra: Rugadh Mícheál Ó Cléircín i Muineachán ar an 23ú Bealtaine 1952. Ba mhac le Pádraig agus Máire Uí Chléircín é ó 3 Sráid an Chnoic, Muineachán, chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 23ú Feabhra 1972. Chomh maith leis sin d’fhóin an Garda Ó Cleircín i Stáisiún na nGardaí, Port Laoise.

Cuinsí: Ar an 16ú Deireadh Fómhair 1976 d’fhreagair an Garda Ó Cléirchín maraon lena chomhleacaithe an Sáirsint Séamas Mac Ceannannáin, an Bleachtaire Garda Tomás Mac Pheadair, an Bleachtaire Garda Beircheart Ó Draighneáin agus Garda Gearóid Ó Buacháin, glaoch go raibh gníomhaíocht amhrasach ar siúl ag fothrach de theach i nGarraí Inse, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise. Ar shroichint na háitribh dóibh thosaigh na Gardaí ag cuardach nuair a phléasc buama bobghaiste ag marú Garda Uí Chléirchín agus ag tabhairt drochghortaithe dá chomhleacaithe.