Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cawley, Nathy

ncawley

Ainm: Mac Amhalaí, Nathy

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 16262M

Stáisiún: Muineachán

Blianta Seirbhíse: 16

Cúlra: Ba as Featharnáin, Baile na Cora, Baile an Mhóta, Contae Shligigh, do Nathy MacAmhalaí, a rugadh ar an 10ú Meitheamh 1944. Bhí sé ag obair mar shiúinéir sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 16ú Meitheamh 1965. Rinne Garda Mac Amhalaí a chuid seirbhíse i gCluain Tiobrad roimh aistriú go dtí Cór Tráchta na Roinne, a bhí lonnaithe i Muineachán. Bhí sé go mór chun cinn mar pheileadóir maraon le bheith ina réiteoir gníomhach. Bhí Garda Mac Amhalaí pósta le cúigear clainne.

Cuinsí:

Ar an 24ú Feabhra 1982 bhí Garda Mac Amhalaí maraon le Garda Pádraig Ó Maoildeirg ar dualgas tionlacan pléascáin i gcarr patróil na nGardaí nuair a bhuail an fheithicil le trucail de chuid an airm ag an mBreacach, Achadh an Bhrúim, Contae Mhuineacháin. Fuair Garda Mac Amhalaí bás ar an toirt.                                                 

Tag: An Garda Pádraig Ó Maoildeirg