Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Callanan, Andrew John

acallanan

Ainm: Callanáin, Aindriú Seán

Céim: An Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 22477D

Stáisiún: Tamhlacht, Contae Bhaile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 17

Cúlra:

Rugadh Andrew Seán Callanáin ar an 8ú Eanáir 1963, ba as Sráid na hArd-Eaglaise dó i nDurlas, Contae Thiobraid Árann. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 13 Aibreán 1982, bhí sé mar thábhairneoir roimhe sin. Fuair sé ardú céime go céim an tSáirsint ar an 6ú Eanáir 1992 agus bhí sé mar Gharda freisin i bPort Lách. Bhí sé pósta le triúr clainne. Bronnadh an Bonn Óir Scott ar Sháirsint Aindriú Callanáin ar an 6ú Iúil 2000 tar éis a bháis.

Cuinsí:

Go moch ar maidin an 21ú Iúil 1999 tháinig fear isteach trí phríomh halla Stáisiún na nGardaí, Tamhlacht agus dhoirt sé peitreal os a chionn féin. Rinne an Sáirsint iarracht é a dhí-armáil. Ansin dhírigh an fear an peitreal ar an Sáirsint, á chur tré thine, mar gheall air seo fuair sé gortaithe marfacha.