Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Byrne, James

JamesByrne1

Ainm: Ó Broin, Séamas

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 7779

Stáisiún: Stáisiún an Gharda An Phailís

Blianta Seirbhíse: 18

Cúlra:

Ba as Easca na gCeap, Baile an Ghleanna, Co. Chill Mhantáin, é Séamas Ó Broin a rugadh ar an 28ú lá de mhí na Nollag 1907. Tháinig sé isteach sa Gharda Síochána ar an 17ú lá de mhí na Bealtaine 1928 agus d’fhóin sé mar Gharda sa Charraig, i gCeanncheathrú an Gharda Síochána, i Ros Mhic Thriúin, i Mainistir Fhear Maí, i nDún Guairne, i mBaile an Churraigh, i gCill Áirne, i Lios an Phúca agus sa bhFearann Fuar. Fear singil ab ea é ag tráth a bháis.

Cuinsí:

Ar an 25ú lá de mhí Mheán Fómhair, 1946, bhí an Garda Séamas Ó Broin agus an Garda Dónal Seosamh Mac Giolla Dhuibh ar dualgas cosaint armtha ar fheirm ag Moin Chaitríona, An tSeanphailís, Contae Luimnigh. Bhí an cuma ar an scéal go raibh cairdeas idir an mbeirt ag fágáil an stáisiúin dóibh. 

Dúirt an Garda Dónal Seosamh Mac Giolla Dhuibh dá éis sin gur éirigh argóint idir an mbeirt acu maidir le comhlíonadh an dualgais cosanta ag a raibh siad sannta.  D’éirigh an argóint an-teasaí agus líomhnaigh an Garda Mac Giolla Dhuibh go ndearna an Garda Ó Broin gluaiseacht amhail is dá mba rud é go raibh sé ag tarraingt a ghunna.  Tharraing an Garda Dónal Mac Giolla Dhuibh a ghunnán agus lámhach sé an Garda Ó Broin faoi dhó.  Fuair an Garda Ó Broin bás ar an láthair. 

Ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ar an 21ú Samhain 1946, ciontaíodh an Garda Dónal Seosamh Mac Giolla Dhuibh i ndúnmharú an Gharda Séamas Uí Bhroin.  Daoradh chun báis é, ach iomalartaíodh é seo go dtí pianbhreith pianseirbhíse saoil.