Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Brennan, John Joseph

jbrennan

Ainm: Ó Braonáin, Seán Seosamh

Céim: An Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 16595F

Stáisiún: An Baile Mór, Contae Chill Dara

Blianta Seirbhíse: 16

Cúlra: Rugadh Seán Ó Braonáin ar an 20 Meitheamh 1945. Rugadh é i gCill Mhichíl, Ráth an Chuilinn, Guaire, Contae Loch Garman. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 15 Meitheamh 1966, bhí sé ag obair roimhe seo mar ghníomhaire árachais. Fuair sé ardú céime go céim an tSáirsint ar an 24 Márta 1978. Chomh maith leis sin rinne sé a chuid seirbhíse i Nás, sa Chorr Uinseogach agus i mBaile Riobaird. Bhí an Sáirsint Ó Braonáin pósta le ceathrar clainne, chuaigh triúr acu isteach sa Gharda Síochána. D’imir sé peil Ghaelach, iománaíocht agus galf mar chaitheamh aimsire.

Cuinsí:

Ar an 4ú Lúnasa 1982 bhí Sáirsint Ó Braonáin ag taisteal ina charr féin ón mBaile Mór go dtí An Nás. Ag sraith de chúinní dainséaracha ar an nGort Leathan, An Nás, bhí timpiste idir feithicil an tSáirsint Uí Bhraonáin agus leoraí altach a bhí ag teacht ina threo.  Mar thoradh ar an timpiste gortaíodh go dona an Sáirsint Ó Braonáin agus tógadh é go dtí Ospidéal an Náis in otharcharr. Fuair sé bás tamaillín gearr ina dhiaidh sin ó ghortaithe inmheánacha tromchúiseacha.