Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Acmhainní Daonna - Logaí De Chinntí Ginearálta 2015

Acmhainní Daonna - Logaí De Chinntí Ginearálta 2015

Réimse

Tuairisc ar an Iarratas

Cinneadh

Sonraí an Chinnidh

Acmhainní Daonna

An mó lá a chaill Gardaí de dheasca breoiteachta in 2013, 2014 agus suas go dtí an dáta seo in 2015?

Deonaithe

FOI-000003-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Iarratas ar líon na nGardaí a rinneadh a smachtú as pornagrafaíocht ar líne a úsáid ó bhí 2013 ann.
Iarratas ar líon na nGardaí a rinneadh a smachtú as na meáin shóisialta a úsáid ó bhí 2013 ann.

Diúltaithe

FOI-000004-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na laethanta a cailleadh de bharr fionraí in 2013, 2014 & 2015

Deonaithe

FOI-000006-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na ngearán a rinneadh i gcoinne Gardaí maidir le cúrsaí cine/ciníochais ó bhí 2013 ann.

Diúltaithe

FOI-000009-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na nGardaí atá ar shaoire bhreoiteachta ar feadh tréimhse níos faide ná mí amháin.

Deonaithe

FOI-000010-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na nGardaí atá ag obair mar gharda faoi láthair agus atá post eile acu.

Diúltaithe

FOI-000014-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Sonraí á lorg maidir le líon na nGardaí a bhfuil taifead coiriúil acu agus miondealú ar na ciontuithe sin, suas go dtí an la atá inniu ann.

Diúltaithe

FOI-000015-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Ba mhaith liom taifid a iarraidh den chomhfhreagras ar fad idir Coimisinéir an Gharda Síochána, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do litreacha agus ríomhphoist (ceangaltáin san áireamh), agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le hacmhainní daonna, airgeadas agus soláthair ón 1 Deireadh Fómhair ar aghaidh

Diúltaithe

FOI-000018-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Taifid maidir le gach tuarascáil ar shuirbhéanna foirne ón 1 Eanáir 2013.

Diúltaithe

FOI-000026-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Taifid ina leagtar amach líon na nGardaí a smachtaíodh, go hinmheánach agus go seachtrach, faoi Alt 62 d’Acht an Gharda Síochána, 2005, chomh maith leis an Acht um Rúin Oifigiúla,1963, sna blianta seo a leanas: 2006, 2007, 2009, 2010, 2011, 2013, 2014 agus sna chéad 9 mí in 2015.

As Raon

FOI-000027-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na nGardaí nó líon na mball foirne a dífhostaíodh as a bpost sa tréimhse 2004 - 2015 go dtí an dáta seo.
Cén fáth ar dífhostaíodh iad?
An mó ball den Gharda Síochána nó ball foirne a íslíodh sa tréimhse chéanna? Cén fáth?
An mó ball den Gharda Síochána nó ball foirne a smachtaíodh nó a iomardaíodh de dheascadh ciaptha gnéis san ionad oibre sa tréimhse chéanna?
Cén cineál gearán a bhí i gceist, cén toradh ar bhain leo?
An mó ball den Gharda Síochána nó ball foirne a theip ar thástáil drugaí sa tréimhse chéanna? Cén toradh a bhain leis an tástáil teipthe sin? Cad iad na drugaí a aimsíodh?

Páirtdheonaithe

FOI-000028-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

An mó ball den Gharda Síochána a smachtaíodh nó a iomardaíodh de dheasca mhí-úsáid fheithiclí an Gharda Síochána sna blianta 2011/12/13/14?
An mó ball den Gharda Síochána a smachtaíodh nó a iomardaíodh de dheasca mhí-úsáid threalamh an Gharda Síochána sna blianta 2011/12/13/14?
Cén cineál mí-úsáide a bhí i gceist? Cén toradh a bhí air?

Diúltaithe

FOI-000031-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

An mó ball den Gharda Síochána nó ball foirne a smachtaíodh de dheasca mhí-úsáid sheirbhísí Idirlíne an Gharda Síochána, idir sonraí agus meáin shóisialta, sna blianta 2012/13/14.

Diúltaithe

FOI-000033-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Taifid ina leagtar amach líon na nGardaí a tháinig faoi réir an phróisis inmheánach smachta in 2009, 2010, 2012, 2013, 2014 agus sna chéad 9 mí de 2015.
Taifid ina leagtar amach na sáruithe smachta líomhnaithe i ngach cás.
Taifid ina leagtar amach an toradh a bhain le gach ceann de na próisis inmheánacha smachta, lena n-áirítear cineál an phionóis, má tugadh pionós.
Taifid ina léirítear líon na dtorthaí ar an bpróiseas inmheánach smachta a ndearnadh achomhairc orthu agus na torthaí a bhí ar na hachomhairc sin.

Diúltaithe

FOI-000035-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Taifid ina leagtar amach líon na ngearán a rinne Gardaí maidir le bulaíocht i measc an luchta saothair sna blianta seo a leanas: 2006, 2007, 2008, 2009, 2010, 2011, 2012,2013, 2014 agus an chéad 9 mí de 2015.
Chomh maith leis sin, iarraim taifid ina leagtar amach samplaí éagsúla den bhulaíocht a bhí i gceist sna gearáin a tugadh don Rannóg Bainistíochta Acmhainní Daonna.

Deonaithe

FOI-000036-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Taifid ina leagtar amach méideanna an chúitimh a íocadh do bhaill an fhórsa mar gheall ar ghortuithe pearsanta ar baineadh dóibh agus iad ar dualgas sna blianta seo a leanas: 2009, 2010, 2111, 2012, 2013, 2014, agus sna chéad 9  mí de 2015.
Taifid ina leagtar amach líon na nGardaí ar tugadh cúiteamh dóibh i ngach ceall de na blianta sin mar gheall ar ghortuithe pearsanta ar baineadh dóibh agus iad ar dualgas.
Taifid ina dtugtar miondealú ar chineál na ngortuithe a baineadh do bhaill an fhórsa sna blianta sin.

Deonaithe

FOI-000038-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Iarratas ar na taifid ar fad a bhaineann le beartas an Gharda Síochána maidir leis na meáin shóisialta.

Diúltaithe

FOI-000040-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

1) Liosta iomlán de na cúrsaí atá ar fáil do Ghardaí idir chúrsaí in Ionad Oiliúna an Gharda Síochána agus chúrsaí i gCeanncheathrú an Gharda Síochána, e.g. Ardchúrsa sa Tiomáint, srl; fad gach chúrsa; cé chomh minic a reáchtáiltear gach cúrsa; líon uasta na nGardaí ar gach cúrsa; líon na nGardaí a thug faoi gach cúrsa in 2014 agus suas go dtí an dáta seo in 2015.

Diúltaithe

FOI-000046-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

An mó laethanta breoiteachta atá cláraithe ag baill an Gharda Síochána sna blianta seo a leanas in 2011/12/13/14?
Cad é costas measta na laethanta breoiteachta sin?
An mó ball den Gharda Síochána nó ball foirne a gortaíodh agus iad ar dualgas sa tréimhse chéanna?
Cad é cineál na ngortuithe sin?
Cá chomh fada a bhí na baill as oibre dá bharr?

Deonaithe

FOI-000048-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, an féidir liom an comhfhreagras ar fad idir Nóirín O’Sullivan, ón am a ceapadh mar Choimisinéir an Gharda Síochána í, agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir leis an ngá líon na nGardaí a mhéadú.

Diúltaithe

FOI-000052-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Na sonraí ar fad maidir le gearán a fuarthas agus a imscrúdaíodh mar gheall ar chiapadh gnéis laistigh den Gharda Síochána sna blianta 2010, 2011, 2012, 2013 agus 2014, lena n-áirítear torthaí; inscne agus grád na ngearánach agus na ndaoine a ndearnadh an gearán fúthu; fíneálacha; fionraí; agus an próiseas smachta.

Deonaithe

FOI-000053-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na nGardaí a briseadh as an nGarda Síochána ón 17 Márta 2009 go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear na cúiseanna a bhain le hiad a briseadh as, miondealú ar na cásanna sin de réir bliana, gráid agus roinn.

Diúltaithe

FOI-000055-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na mball foirne agus na nGardaí a smachtaíodh as mí-úsáid an Chórais PULSE le cúig bliana anuas? Cad iad na cúinsí a bhain le gach cás ar Leith?

Diúltaithe

FOI-000059-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na laethanta saoire bhreoiteachta arna dtógáil ag baill an fhórsa idir an 1 Deireadh Fómhair 2009 agus an 1 Deireadh Fómhair 2015. Iarraim go gcuirfear san áireamh san fhaisnéis: Líon na laethanta tógtha, de réir gráid; líon na laethanta tógtha in aghaidh na bliana; Líon na laethanta tógtha de réir inscne.

Deonaithe

FOI-000066-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na nGardaí a thóg saoire mháithreachais ón 1 Eanáir 2008 go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear líon na nGardaí in aghaidh na bliana agus de réir roinne (in aghaidh na bliana).

Páirtdheonaithe

FOI-000071-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Tá an t-iarratas seo á dhéanamh agam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ba mhaith liom figiúirí agus sonraí a fháil maidir le líon na n-éileamh ar chiapadh gnéis a rinne baill an Gharda Síochána i leith baill eile de chuid an fhórsa le cúig bliana anuas.
Ba mhaith liom figiúirí a fháil freisin maidir leis na gearáin ar chiapadh gnéis a rinne baill an phobail i leith Gardaí le cúig bliana anuas.
Ba mhaith liom miondealú a fháil de réir bliana agus inscne i gcás bhaill an phobail a rinne an gearán agus inscne an Gharda i gcás an duine a rinneadh an gearán ina Leith.

Páirtdheonaithe

FOI-000075-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Cóipeanna de na tuarascálacha/treoirlínte a eisíodh do bhaill foirne maidir le húsáid na meáin shóisialta - Agus maidir leis an ábhar céanna, cóipeanna de na tuarascálacha ar fad a bhaineann le mí-úsáid líomhnaithe na meán sóisialta nó sáruithe ar phrótacal an Gharda Síochána, agus sonraí na smachtbhannaí ar fad a tógadh in aghaidh ball foirne dá bharr.

Diúltaithe

FOI-000078-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

- Miondealú in aghaidh na bliana ar líon na foirne atá ar shaoire bhreoiteachta fadtéarmach (6 seachtaine nó níos mó) mar chéatadán den fhórsa.
- Miondealú in aghaidh na bliana ar líon na foirne atá ar shaoire bhreoiteachta bainteach le strus mar chéatadán den fhórsa.
Tá an fhaisnéis á lorg agam maidir leis na blianta seo a leanas: 2015, 2014, 2013, 2012 agus 2011 chun críocha comparáideachta.

Páirtdheonaithe

FOI-000081-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

- Cóipeanna de na tuarascálacha inmheánacha ar fad a bhaineann le mí-iompar líomhnaithe/sáruithe ar phrótacal an Gharda Síochána i gcás bhaill an fhórsa.
Áirítear san iarratas seo cóipeanna de na tuarascálacha a rinneadh ar líomhaintí maidir le mí-iompar Gardaí.
Áirítear ann freisin an beart a glacadh, má glacadh beart ar bith, i gcoinne na nGardaí nuair a fuarthas amach go raibh mí-iompar i gceist.
Baineann an tréimhse seo a leanas leis an iarratas seo: 01/01/13 - an lá atá inniu ann.

Diúltaithe

FOI-000082-2015 Cinneadh

Iriseoirí

An comhfhreagras ar fad idir Coimisinéir an Gharda Síochána agus na daoine seo a leanas maidir le soláthar foirne

Diúltaithed

FOI-000089-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Líon na ngearán AD a rinne baill an fhórsa sna réimsí seo a leanas:
- Cásanna bulaíochta líomhnaithe
- Cásanna coiriúlachta líomhnaithe
- Cásanna mí-iompair líomhnaithe
Is í seo a leanas an tréimhse a bhaineann leis an iarratas seo:
01/01/12  - an lá atá inniu ann.

Deonaithe

FOI-000090-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Gach tuarascáil inmheánach maidir leis an ábhar seo a leanas:
- Meanma san fhórsa
lena n-áirítear na tuarascálacha ar fad a rinne an Garda Síochána maidir le ceisteanna a bhaineann le meanma i measc na nGardaí.
Baineann an tréimhse seo a leanas leis an iarratas seo:
01/01/12 - an lá atá inniu ann

Deonaithe

FOI-000091-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

- conradh fostaíochta iar-Choimisinéir an Gharda Síochána Martin Callinan.
- cóipeanna de rialacha, rialacháin, treoirleabhair, treoirlínte maidir le taifid/ábhar a bailíodh le linn fostaíochta leis an nGarda Síochána a scriosadh nó a choinneáil.

Diúltaithe

FOI-000111-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

Baineann na taifid atá á lorg agam le hiomarcaíochtaí agus dífhostaíocht Gardaí sna blianta 2013, 2014 agus suas go dtí an dáta seo in 2015. (ó mhí Eanáir go dtí an 30 Deireadh Fómhair)
Ba cheart go mbeadh mionsonraí sna taifid sin maidir le líon na nGardaí a dífhostaíodh, a d’imigh ar scor agus iad siúd a ghlac le hiomarcaíocht, chomh maith leis na cúiseanna a bhain lena n-iomarcaíochtaí agus an dáta.
Ba cheart go mbeadh miondealú sna taifid seo freisin maidir le líon na nGardaí a dífhostaíodh ón bhfórsa agus na cúiseanna a tugadh faoi sin (áit nach mbristear rúndacht).
Maidir leis na taifid a bhaineann le Gardaí a dhífhostú, tá na taifid a bhaineann le mí-iompar Gardaí nó teagmhais a tharla as a d’eascair dífhostú Garda de bharr a n-iompair, srl.
Tá taifid á lorg agam freisin a bhaineann leis an tréimhse a luaitear a thugann tuairisc ar Ghardaí ag tógáil sosanna gairme.

Páirtdheonaithe

FOI-000115-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

- Faisnéis á lorg maidir le líon iomlán laethanta a bhí Gardaí atá lonnaithe i gCo. Ros Comáin as láthair de bharr na rudaí seo a leanas:
Fionraíocht in (a) - 2013, (b) 2014 agus (c) go dtí seo in 2015.
Breoiteacht in (a) - 2013, (b) 2014 agus (c) go dtí seo in 2015.
Saoire bhreoiteachta le haghaidh (a) níos mó ná 10 lá agus (b) níos mó ná 28 lá in (a) - 2013, (b) 2014 agus (c) go dtí seo in 2015.

Deonaithe

FOI-000151-2015 Cinneadh

Acmhainní Daonna

• líon na nGardaí atá imithe ar scor i gCathair Chorcaí, in Iarthar Chorcaí agus i gCorcaigh Thuaidh go dtí seo i mbliana; líon na nGardaí atá i dteideal dul ar scol idir an lá atá inniu ann agus deireadh 2016; agus líon na bhfógraí chun dul ar scor atá faighte maidir leis an tréimhse idir an lá atá inniu ann agus deireadh 2016.
• Iarrtar go léirítear líon na nGardaí i gCathair Chorcaí, in Iarthar Chorcaí agus i gCorcaigh Thuaidh atá ar chead neamhláithreachta faoi láthair; cathain a thiocfaidh deireadh leo sin; agus an mó Garda atá tar éis cur isteach ar chead neamhláithreachta idir an lá atá inniu ann agus deireadh 2016.

Deonaithe

FOI-000171-2015 Cinneadh

Poiblí

(1)Ar tháinig méadú ar líon na mbuirgléireachtaí ón mí seo caite (2) an mó Gardaí nua a earcaíodh i gCo. Loch Garman (3) an bhfuil tuairim láidir ag an Garda Síochána maidir le cé a rinne na buirgléireachtaí le déanaí (4) an bhfuil patróil bhreise ag obair chun an fhadhb seo a chosc (5) an mó gardaí pobail-bhunaithe atá ag obair sa cheantar faoi láthair?

Páirtdheonaithe

FOI-000186-2015 Cinneadh