Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Logaí De Chinntí Ginearalta Airgeadais - 2015

Logaí De Chinntí Ginearalta Airgeadais - 2016

Réimse Tuairisc ar an Iarratas Cinneadh Sonraí an Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaGinearálta Cé mhéad airgid a caitheadh ar dhróin a cheannach ó thús 2013.DeonaitheFOI-000007-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaCé mhéad airgid a caitheadh ar Tasers a cheannach ó thús 2013.DeonaitheFOI-000008-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaIarratas ar shonraí bronntanas, fáilteachas agus /nó urraíocht ar bith a fuarthas a rinne Gardaí a dhearbhú in 2014 nó suas go dtí an dáta seo in 2015.DiúltaitheFOI-000016-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaLiosta de na sainchomhairleoirí seachtracha arna bhfostú ag an nGarda Síochána ón 1 Eanáir 2012 chun tuairisciú don bhainistíocht maidir leis na réimsí airgeadais, acmhainní daonna nó soláthair. Cóip de na tuarascálacha a chuir gach seirbhís chomhairleoireachta seachtraí ar fáil. Costas an chonartha i ngach cás.DiúltaitheFOI-000017-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaIniúchtaí, tuarascálacha nó staidéir ar bith a rinne an Garda Síochána nó a rinne siad a choimisiúnú, maidir le slándáil a chur ar fáil i bPáirc an Chrócaigh, ag Staid Aviva agus ag ócáidí príobháideacha eile ó bhí an 1 Eanáir 2012 ann.
Taifid ar bith ina léirítear na suimeanna a ranníocadh don fhórsa as a leithéid de sheirbhísí póilíneachta a chur ar fáil ar an iomlán, agus na figiúirí sonracha a bhaineann le ranníocaíochtaí ó Pháirc an Chrócaigh agus Staid Aviva.
An féidir liom líon na n-ócáidí a lorg inar chuir an Garda Síochána seirbhísí póilíneachta ar fáil in 2014 ag ócáidí príobháideacha i gcás go raibh na heagraithe tar éis íoc ina Leith.
DiúltaitheFOI-000020-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaIarratas ar thaifid maidir leis na costais cárta creidmheasa arna dtabhú ar chártaí creidmheasa oifigiúla an Gharda Síochána i gcás gach ball foirne ag grád an Choimisinéara, grád an Choimisinéara Cúnta, grád an Leas-Choimisinéara agus grád an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ó bhí 1 Eanáir 2014 ann.DiúltaitheFOI-000023-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaSonraí maidir le líon na ngluaisteáin agus feithiclí de chuid an Gharda Síochána a ndearnadh damáiste dóibh de dheasca earráidí baill foirne le dhá bhliain anuas? 
An mó feithicil de chuid an Gharda Síochána a ndearnadh damáiste dóibh de dheasca an bhreosla mícheart a chur iontu?
Cén costas a bhain leis an damáiste sin?
An mó feithicil de chuid an Gharda Síochána a ndearnadh damáiste dóibh le linn oibríochtaí sa tréimhse chéanna?  Cén cineál damáiste a rinneadh agus cén costas a bhain leis?

Páirtdheonaithe

FOI-000030-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaSonraí na dtaifead ina leagtar amach costas na póilíneachta a dhéantar ag Aerfort Bhaile Átha Cliath in 2009, 2010, 2011, 2012, 2013, 2014 agus sna chéad 9 mí in 2015.DiúltaitheFOI-000034-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaTá taifid á lorg agam ina leagtar amach an t-airgead a caitheadh ar chillíní coinneála agus seomraí agallaimh i stáisiúin i mBaile Átha Cliath a ghlanadh/a chothabháil/a athchóiriú in 2010, 2011, 2012, 2013, 2014 agus sna chéad 9 mí de 2015. Tabhair miondealú de réir stáisiúin, más féidir.
Chomh maith leis sin, iarraim na taifid ina leagtar amach na cúiseanna ar a ndearnadh na cillíní coinneála agus seomraí agallaimh sin a ghlanadh/a chothabháil/a athchóiriú.
DiúltaitheFOI-000037-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaTaifid ina leagtar amach an t-airgead a caitheadh/an costas a bhain le baill Aonad Ord Poiblí an Gharda Síochána a chur chuig agóidí méadar uisce fud fad Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath in 2014 agus sna chéad 9 mí in 2015.DiúltaitheFOI-000044-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaSonraí na gcostas tréidliachta ar fad a bhain le feidhmiú Mharc-Aonad agus Aonad Madraí an Gharda Síochána ón 1 Eanáir 2012 go dtí an lá atá inniu ann.DeonaitheFOI-000056-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaSonraí ceannaithe nuachtán arna ndéanamh ag Oifig Preasa agus Caidrimh Phoiblí an Gharda Síochána, nó arna ndéanamh thar a gceann, ón 1 Deireadh Fómhair 2008 go dtí an lá atá inniu ann, miondealaithe de réir teidil, agus costas san áireamh.DeonaitheFOI-000057-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaNa costais ar fad a d’íoc an Garda Síochána, agus nach fuarthas ar ais ó na tionscnóirí MCD, i leith póilíniú a dhéanamh ag ceolchoirmeacha i mBaile Shláine ó 2010 go 2015, na blianta sin san áireamh freisin.DiúltaitheFOI-000058-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaAn t-airgead a fuair an Garda Síochána ó chuideachta, eagraíocht, carthanas, comhlacht stáit, pobal nó grúpa ar bith as póilíniú a dhéanamh ag ócáidí amhail rásaí, ceolchoirm, féile, railí, ócáid spóirt, srl. Miondealú ar na suimeanna de réir ócáid sa chúig bliana atá imithe thart. (2009 - 2014) 
Méid iomlán na ragoibre a íocadh do bhaill foirne agus do Ghardaí le 10 mbliana anuas agus é miondealaithe de réir bliana, roinne, ócáide nó oibríochta i.e. cuairt stáit oifigiúil, srl.
DeonaitheFOI-000060-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaMéid an airgid a tógadh ó na meaisíní coiscíní i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 1 Eanáir 2015.
Ba mhaith liom líon na bpaicéad coiscíní a díoladh ó na meaisíní i gColáiste an Gharda Síochána sa tréimhse chéanna a fháil amach.
Iarraim freisin faisnéis maidir le cineál na gcoiscíní, lena n-áirítear branda agus, áit is iomchuí, blas na gcoiscíní a dhíoltar sna meaisíní i gColáiste an Gharda Síochána sa tréimhse ama chéanna.
DiúltaitheFOI-000062-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaAn comhfhreagras ar fad idir Choimisinéir ábhartha an Gharda Síochána agus an Aire ábhartha Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir leis na hábhair seo a leanas:
Maoiniú Stáit don Gharda Síochána
An buiséad bliantúil
Baineann an tréimhse seo a leanas leis an iarratas seo::
01/01/12 - dáta an lae inniu.
DiúltaitheFOI-000080-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaMiondealú ar an 613 tionóisc ina raibh gluaisteáin de chuid an Gharda Síochána páirteach in 2014 chun na rudaí seo a leanas a léiriú:
-an líon díobh a tharla nuair a bhuail gluaisteán eile i gcoinne fheithicil na nGardaí
-an líon díobh a tharla nuair a tuairteálach gluaisteán an Gharda Síochána agus é sa tóir ar fheithicil faoi amhras
-an líon díobh a tharla nuair a bhí glao éigeandála á fhreagairt
-an líon díobh a tharla agus gnáthphatrólú ar siúl
-an líon díobh inar gortaíodh Gardaí go dona
-líon na ngluaisteán a díscríobhadh de dheasca tionóiscí
-líon na dtionóiscí ar eascair éileamh ar chúiteamh astu a) ó Ghardaí, agus b) ó bhaill den phobail
-Líon na ndaoine a d’íoc cúiteamh €89,913 ar an iomlán don Gharda Síochána anuraidh de dheasca a ról i dtionóisc.
DiúltaitheFOI-000083-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaGhinearálta, amhail sonraisc, in a leagtar amach an méid a caitheadh ar chomhairle maidir leis na meáin agus cumarsáid in 2009, 2010, 2011, 2012,2013,2014 agus sna chéad 9 mí de 2015. Taifid a bhaineann le gach bliain ar leith atá á lorg, más féidir.
Táthar ag súil go nochtfar iontu ainmneacha na sainchomhairleoirí maidir le cúrsaí meán agus cumarsáide, a gcuideachtaí, na méideanna a n-íocadh leo, tuairisc ar an tseirbhís a cuireadh ar fáil agus ainmneacha iad siúd ar cuireadh an chomhairle agus/nó an oiliúint sna meáin orthu.
Tuigim gur féidir uimhreacha cuntais bainc, i gcás a rinneadh íocaíochtaí go díreach chuig cuntais, a chur in eagar.
DiúltaitheFOI-000086-2015 Chinnidh
Airgeadas - Ginearálta1) Clár na sócmhainní seasta don Gharda Síochána i leith 2014.
2) An logleabhar (i.e. liosta nó ainmneacha ) d’iniúchtaí ar bith a rinneadh go hinmheánach sa Gharda Síochána, nó arna ndéanamh ag sainchomhairleoirí seachtracha, in 2012, 2013 agus 2014. 

Páirtdheonaithe

FOI-000095-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaIs éard atá á lorg agam ná na taifid uile de chuid an Gharda Síochána a bhaineann  le Gardaí a imlonnú thar lear le linn na mblianta 2012, 2013, 2014 agus go dtí seo in 2015. (Eanáir go dtí an 26 Deireadh Fómhair)

Páirtdheonaithe

FOI-000100-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaIs éard atá lorg agam ná na sonraí agus an costas a bhaineann le fóirdheontas ar bith a d’íoc an Garda Síochána do chlub/cumann inmheánach um spóirt nó fóillíochta arna eagrú ag baill an fhórsa le cúig bliana anuas.
Tabhair ainm an chlub/cumann agus an méid a íocadh sa bhliain.
DeonaitheFOI-000101-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaIs éard atá lorg agam ná an costas iomlán a thabhaigh an Garda Síochána le trí bliana anuas i leith taistil thar lear.
Níl uaim ach an costas a bhaineann le baill an Gharda Síochána ó ghrád an Choimisinéara Chúnta go grád an Choimisinéara.
Ba mhaith liom mionsonraí a fháil de réir Garda, cinn scríbe agus chostas an turais (óstán, cóiríocht, cothabháil).
PáirtdheonaitheFOI-000102-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaTá na taifid seo a leanas ó Eanáir 2014 go mí na Samhna 2015 á lorg agam:
Na taifid uile atá ag an Garda Síochána maidir le costais chothabhála arna dtabhú ag baill an fhórsa ag grád an Choimisinéara amháin.
Mar a luadh, féadfaidh breosla, taisteal thar lear, agus oícheanta in óstáin, srl. a bheith san áireamh.
Mar a luadh freisin inár gcomhrá, má tá taifid a bhaineann le costais arna dtabhú i leith bia ag Gardaí ag an ngrád seo, is féidir iad a chur san áireamh freisin. 

Páirtdheonaithe

FOI-000119-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaIs éard atá á lorg agam ná taifid maidir leis na meaisíní díola a stocáil i stáisiún na nGardaí.
Cén cineál bia a stocáiltear sna meaisíní díola agus cad iad na cineálacha bia is coitianta a athstocáiltear?
Cad é an costas iomlán a bhaineann leis na meaisíní seo a athstocáil - miondealú de réir an chineáil bia.
Tréimhse na dtaifid - Eanáir 2014 go Samhain 2015.
As RaonFOI-000121-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaBa mhaith liom a iarraidh, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, cóip de na Léirithe Spéise rinneadh a chomhdú in 2012, 2013 agus 2014 ag baill foirne sinsearacha ar chúiseanna Ailt 18 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995.DiúltaitheFOI-000124-2015 Chinnidh
Airgeadas - Ginearáltai) an méid a íocadh i leith Suirbhé ar Mheon an Phobail arna choimisiúnú ag an Garda Síochána in 2014, agus dá lorgaíodh tairiscintí ina dtaobh ii) Méid iomlán an airgid a íocadh le haghaidh seirbhísí cothabhála gairdíní agus seirbhísí coimhdeacha in 2012, 2013, 2014; tá miondealú á lorg ar na figiúirí sin de réir roinn agus ceantar an Gharda Síochána.DeonaitheFOI-000131-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaSceideal de chostais taistil thar lear in 2014 agus suas go dtí an dáta seo in 2015, lena n-áirítear miondealú ar chinn scríbe, costais eitiltí agus chóiríochta, costais eile a tabhaíodh, an chúis (más féidir) a bhain leis an turas agus grád na nGardaí a thaisteal ar na turais sin.PáirtdheonaitheFOI-000134-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaCé mhéad a ghearr an Garda Síochána ar CLG/Páirc an Chrócaigh as Cluiche Ceannas na hÉireann a phóilíniú.DeonaitheFOI-000159-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaNa taifid ar fad a bhaineann le hacmhainní agus daonuaireanta an Gharda Síochána, lena n-áirítear ragobair a bhí bainteach le póilíniú a dhéanamh ag an agóid ag láthair na scéime rochtana lárnaí i gCill Chainnigh le linn shamhradh 2014. PáirtdheonaitheFOI-000160-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaAn costas iomlán a bhaineann le feidhmiú Aonad Náisiúnta Drugaí an Gharda Síochána in 2014 agus sna blianta roimhe sin.DeonaitheFOI-000165-2015 Chinnidh
Airgeadas - GinearáltaAn féidir mionsonraí a thabhairt dom maidir leis an gcostas a bhaineann leis an gcóras cúloifige mionphróiseála de sháraithe luais agus de sháraithe ar shoilse dearga i ngach ceann de na trí bliana airgeadais deireanacha.DeonaitheFOI-000180-2015 Chinnidh