Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cinntí Airgeadais Ginearálta

Tá an Stiúrthóireacht Airgeadais freagrach as bainistíocht airgeadais Vóta an Gharda Síochána chomh maith le tacaíocht straitéiseach agus oibríochtúil agus comhairle a sholáthar ag gach leibhéal sa Gharda Síochána.

Is iad seo a leanas cuid de na hiarratais is coitianta a dhéantar chuig an roinn seo: fógraí muirear seasta íoctha; costais ragoibre; costais agus admhálacha le haghaidh imeachtaí; costais na ardbhainistíochta.

Saoráil Faisnéise> Tá an Rannóg Soláthair freagrach as earraí agus seirbhísí a cheannach don Gharda Síochána agus cinntíonn sí go gcomhlíonann gach soláthar rialacha soláthair an AE agus na Rialacháin Náisiúnta araon.

Baineann na hiarratais is coitianta a dhéantar chuig an roinn seo le hiarratais ar thairiscintí agus conarthaí soláthair le haghaidh trealaimh agus seirbhísí.

Saoráil Faisnéise> Tá ról ríthábhachtach sa Gharda Síochána ag an Rannóg um Bainistíocht Acmhainní Daonna maidir le earcaíocht agus imlonnú fhoireann an Gharda Síochána, agus ag bainistiú riachtanais Acmhainní Daonna breis agus 15,000 comhalta agus pearsanra sibhialta de chuid an Gharda Síochána.

 

Baineann na hiarratais is coitianta a dhéantar chuig an roinn seo leis na hábhair seo a leanas:  Leibhéil soláthair foirne sa Gharda Síochána agus leithdháileadh earcaithe nua; sonraí scoir (líon agus costais)l smacht; agus saoire bhreoiteachta.

Saoráil Faisnéise> Freagraíonn an Oifig um Shaoráil Faisnéise d’iarratais a thiteann lasmuigh de réimse an Airgeadais, Soláthair agus Acmhainní Daonna, nó i gcás go bhfuil an fhaisnéis curtha ar fáil cheana féin. Thit an chuid is mó d’iarratais a ndéileáiltear leo lasmuigh de raon an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, mar a bhaineann sé leis an Garda Síochána.

Baineann na hiarratais seo le rátaí coireachta; faisnéis maidir le teagmhais ar leith; cleachtais agus costais oibríochtúla; iarratais ar fhaisnéis phearsanta ó bhaill an phobail.

Saoráil Faisnéise> Cinntí Iniúchóireachta Inmheánacha an Gharda Síochána> Baineann Rannóg Iniúchóireacht Inmheánach an Gharda Síochána le hiniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar chórais agus próisis an Gharda Síochána, ag cur seirbhís oibiachtúil dearbhaithe agus comhairliúcháin ar fáil atá deartha chun luach a chur leis an eagraíocht agus oibríochtaí na heagraíochta a fheabhsú.

 

Baineann gach iarratas a dhéantar ar an rannóg seo le rochtain a fháil ar Thuarascálacha maidir le hIniúchtaí.

> Tuarascálacha Míosúla an Choimisinéara don Údarás Póilíneachta> Gach mí, tuairiscíonn Coimisinéir an Gharda Síochána don Údarás Póilíneachta maidir le dul chun cinn i réimsí éagsúla amhail Airgeadais, Acmhainní Daonna & Forbairt Daoine, TFC, an Clár Nuachóiriúcháin & Athnuachana, Treochtaí Coireachta agus Rath Oibríochtúla.

 

>Suirbhéanna Ráithiúla ar Mheon an Phobail

Le Suirbhé an Gharda Síochána ar Mheon an Phobail, arna dhéanamh ag Amárach Research thar ceann an Gharda Síochána gach ráithe, cuirtear ceisteanna ar 1,500 duine, mar shampla náisiúnta ionadaíoch, maidir lena dtuairim ar réimse ábhar a bhaineann leis an nGarda Síochána.

Tá an Suirbhé ar Mheon an Phobail ar ceann de na huirlisí a úsáideann bainistíocht an Gharda Síochána chun gníomhaíocht eagraíochtúil agus oibríochtúil sa todhchaí a chinntiú.