Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Costais Bhainistíochta De Réir Bliana

Is é Coimisinéir an Gharda Síochána atá freagrach as an nGarda Síochána a threorú, a bhainistiú agus a rialú go ginearálta. Tacaíonn 2 Leas-Choimisinéir, Phríomhoifigeach Riaracháin, 10 gCoimisinéir Cúnta, 3 Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Príomhoifigeach Leighis leis/léi. 

Tá roinnt post mar Choimisinéir Cúnta le líonadh faoi láthair. I measc na bhfolúntais sin, tá ceithre phríomhcheannas oibríochtúla réigiúnach, is iad sin an Tuaisceart, an tIarthar, an Deisceart agus Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath. Chun an rialú oibríochtúil agus straitéiseach, an dea-bhainistíocht, an cheannaireacht agus an rialachas atá riachtanach sna réigiúin sin a chinntiú, tá an Coimisinéir tar éis dhá, agus i gcásanna áirithe trí cheannas breise a shannadh ar na gCoimisinéirí Cúnta atá fágtha. Ach mar thoradh ar an bhfreagracht oibríochtúil bhreise, tá níos mó oibre le déanamh ag na Coimisinéirí Cúnta seo, chomh maith le taisteal fad-achair agus tréimhsí ama as a mbunstáisiúin. Is mar sin atá cúrsaí le roinnt blianta agus tá sé léirithe sna éilimh atá déanta ag na Coimisinéirí Cúnta i leith taistil agus costas eile.

N.B – Tá na costais ar fad taifeadta faoi phost buan gach Coimisinéara Cúnta. 

Chun a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais reachtúla agus riaracháin maidir le hairgead poiblí a úsáid, déantar Costais na hArdbhainistíochta a phróiseáil agus a íoc i gcomhréir le Forálacha & Treoirlínte na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe agus i gcomhréir le Rialacháin agus Nósanna Imeachta an Gharda Síochána maidir le Costais, chomh maith le bheith faoi réir iniúchtaí Inmheánacha agus iniúchtaí Seachtracha. 

Liúntas cothaithe agus taistil intíre

Ag am áirithe, baineann liúntais cothaithe agus taistil le héilimh oibríochtúla ag an leibhéal réigiúnach & náisiúnta. Chomh maith leis sin, bíonn sé de dhualgas go minic ar an lucht ardbhainistíochta freastal ar bhoird rialachais, cruinnithe bainistíochta agus fóraim phoiblí éagsúla.

Taisteal Thar Lear

Tugann an lucht ardbhainistíochta faoi thaisteal thar lear ar na cúiseanna seo a leanas: imscrúdú na coireachta; cúrsaí inimirce; malartú faisnéise le fórsaí póilíneachta seachtracha agus gníomhaireachtaí thar lear; comhdhálacha agus cúrsaí oiliúna a bhaineann le modhanna & teicnící póilíneachta a chur ar aghaidh; slándáil an Stáit a chosaint agus cúiseanna eile a bhaineann le slándáil.

Siamsaíocht oifigiúil

Baineann an caiteachas seo le haisíocaíochtaí i gcomhair sólaistí agus costais as póca arna dtabhú ag Coimisinéirí Cúnta. Tá na costais seo iníoctha i leith éilimh atá deimhnithe go hiomlán faoi réir teorainneacha bliantúla. Féadfaidh na costais seo teacht chun cinn má bhíonn ar an ardbhainistíocht cruinnithe gnó oifigiúil a éascú, go minic ar gearrfhógra, agus sólaistí a chur ar fáil don lucht freastail. 

Oiliúint

Is éard atá i gceist le caiteachas maidir le hoiliúint na hardbhainistíochta ná táillí cúrsaí a rinneadh a aisíoc, táillí comhdhála agus táillí comhaltais de chomhlachtaí gairmiúla agus póilíneachta a íoc ar ais.

Ceannach Foilseachán

I measc an chaiteachais seo tá aisíocaíochtaí i leith foilseacháin a ceannaíodh i ndáil le cúrsaí oiliúna a bhí á dhéanamh ag an ardbhainistíocht, ábhar reachtaíochta agus foilseacháin eile a bhaineann leis an bpóilíneacht oibríochtúil, taighde póilíneachta, ceannaireacht, agus rialachas agus maoirseacht.

Management Expenses By Year

2018

2017

2016

2015

2014

2013

2012

2011

2010

2009

2008