Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Clár scoileanna

Local Gardaí give presentations as part of the Schools Programme

Clár na Scoileanna

Bunscoileanna  

Tugadh isteach Clár Scoileanna an Gharda Síochána den chéad uair i 1991. Is clár cuimsitheach oideachais é do dhaltaí rang a cúig i mBunscoileanna ar fud na tíre.  

Tá sraith cur i láthair sa chlár a thugann Gardaí áitiúla do na leanaí scoile maidir le ról an Gharda, Sábháilteacht ar bhóithre/rothair, bulaíocht, loitiméireacht, sábháilteacht phearsanta, drugaí, cosc na coireachta agus cumarsáid ómósach ar líne. 

Tá sé mar aidhm ag an gClár patrúin iompair chiallmhara agus fhreagracha a mhúineadh do leanaí ionas go mbeidh siad:

  • Níos sábháilte ar na bóithre agus sa bhaile
  • Ag rannchuidiú go dearfach i dtreo Cosc na Coireachta;
  • Ar an eolas faoi ról an Gharda Síochána
  • Ag forbairt dearcthaí dearfacha maidir leis an nGarda Síochána agus an obair a dhéanann sé.

Meánscoileanna  

Forbraíodh Clár Scoileanna an Gharda Síochána do Mheánscoileanna agus táthar á thabhairt isteach faoi láthair i scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre. Ceapadh an clár i gcomhar leis an siollabas Oideachas Sóisialta, Pearsanta & Sláinte (OSPS) de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Bíonn Gardaí oilte ar fáil chun ranganna a éascú i gcomhar mar chuid den chúrsa OSPS ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí sa dá mhodúil seo a leanas:

  • Úsáid Substaintí
  • Sábháilteacht Phearsanta
  • Cibearshábháilteacht - Nasc le hómós

Tacaíonn Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), mar chuid de churaclam na scoileanna, le forbairt phearsanta, sláinte agus féinleas daoine óga agus cuidíonn sé leo caidrimh thacúla a chruthú agus a choimeád.  

Tá tuilleadh eolais ar fáil trí:

Clár Scoileanna an Gharda Síochána
Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal
Cearnóg Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 DH42

Teil: +353 1 6663891

Ríomhphost: schoolsprogramme@garda.ie 

Nó téigh i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil