Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Léiríonn Tionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána (TAÓGS) tiomantas corparáideach do chur chuige

Léiríonn Tionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána (TAÓGS) tiomantas corparáideach do chur chuige ilghníomhaireachta maidir le dul i ngleic le ógchoireacht agus iompraíocht fhrithshóisialta ag leibhéal an phobail.

Tá TAÓGS maoinithe ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais trí Aonad na gClár Pobail de Sheirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig (SECÓ) agus comh-mhaoinithe faoi Chiste Sóisialta na hEorpa 2014-2020 den Clár Infheistíocht Chaipitil Daonna.

Tá siad bainistithe ag an IYJS i gcomhpháirt le Oifig Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, Biúró an Gharda Síochána don Chaidreamh Pobail.

Tá 100 TAÓGS suite i bpobail mórthimpeall na tíre. Soláthraíonn na tionscadail ilghníomhaireachta seo atá bunaithe sa phobail tionscnaíochta chun ógchoireacht a chosc leis an aidhm phríomhúil chun claon aigne a chur ar fáil d’ógánaigh a bhí páirteach in iompraíocht fhrithshóisialta agus/nó iompraíocht choiriúil.

Soláthraíonn TAÓGS gníomhaíochtaí oiriúnacha do dhaoine óga chun forbairt phearsanta a éascú agus dualgas sibhialta a chur chun cinn agus ionchas fostaíochta fadtéarma a fheabhsú.

Féadfar le tionscadail obair le daoine óga idir 12 agus 18 bliain d’aois a bhfuil baol suntasach ann go mbeidis páirteach in iompraíocht fhrithshóisialta agus/nó iompraíocht choiriúil. Cuireann TAÓGS le caighdeán saoil laistigh de phobail agus cruthaíonn siad caidreamh dearfach idir An Garda Síochána agus na pobail a fhreastlaímid orthu.

Oibríonn an togra leis an ógánach agus leagann sé amach plean idirghabhála dó/di chun cabhrú leis an ógánach sin chun machnamh a dhéanamh ar na cinntí a dhéanann siad, ag díriú ar na gnímh a d’fhéadfaí iad a spreagadh chun cion a dhéanamh agus an riachtanas atá ann le hathrú a dhéanamh.