Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifig Atreorú Óige an Gharda Síochána

Tá Biúró Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána (BAÓGS) freagrach as an gClár Athstiúrtha a mhaoirsiú agus a fhorbairt go náisiúnta, a bunaíodh ar bhonn reachtúil faoi Chuid 4 d’Acht na Leanaí 2001. Ard-Cheannfort atá i gceannas ar an mBiúró. 

Cuimsítear i dtéarmaí tagartha BAÓGS riaradh, comhordú agus forbairt an Chláir Athstiúrtha ag leibhéal náisiúnta. Tá seasamh maoirseachta aige i ndáil le gach gné d’atreoruithe óige agus tacaíonn an Clár le ceantair agus le rannáin an Gharda Síochána chun rialachas éifeachtach agus próiseáil thráthúil atreoruithe a chinntiú. 

Chomh maith leis sin, tacaíonn sé le líonra de Sháirsintí Oifigeach Idirchaidrimh don Óige (OIÓ) agus Gardaí OIÓ atá dáilte ar fud gach rannán den Gharda Síochána ar fud na tíre. Tá Stiúrthóir ar an gClár Athstiúrtha ceaptha ag Céim an Cheannfoirt. Déantar foráil le haghaidh ról an Stiúrthóra faoi alt 20 (1) d’Acht na Leanaí 2001 agus is post reachtúil é. 

Is é an aidhm atá leis an gClár Athstiúrtha cosc a chur le daoine óga atá idir 12 agus 18 mbliana d’aois a bheith páirteach sa chóras dlí choiriúil. Toradh beartaithe eile atá luaite leis an gClár é daoine óga a threorú ó bhreis cionta a dhéanamh. I gcás tromchoireanna áirithe*, breithneofar daoine óga idir 10 agus 11 bhliain d’aois a áireamh sa Chlár. 

Nuair a tharraingítear aird an Gharda Síochána ar dhuine óg mar gheall ar a (h)iompar coiriúil nó iompar frithshóisialta líomhnaithe, ceanglaítear, de réir an dlí (A.18 d’Acht na Leanaí 2001), é/í a bhreithniú don Chlár Athstiúrtha ar dtús. Ionas go mbreithneofar duine lena chur san áireamh sa Chlár Athstiúrtha, ní mór go mbeadh an duine óg faoi 18 mbliana d’aois, ní mór dó/di freagracht a ghlacadh as an iompar goilliúnach, comhaontú glacadh le rabhadh agus, más cuí, comhaontú leis na téarmaí maoirseachta. 

Tá cinneadh an Stiúrthóra maidir le glacadh le nó gan glacadh le duine óg ar an gClár Athstiúrtha bunaithe ar roinnt fachtóirí, an cineál ciona, tionchar an chiona ar an bpobal, tuairimí an íospartaigh, agus cúlra ciontaithe an duine óig. 

Má mheastar go bhfuil sé oiriúnach leanbh a áireamh sa Chlár Athstiúrtha, sannfar OIÓ don leanbh agus tabharfar rabhadh don leanbh. D’fhéadfaí go n-áireofaí i rabhadh tréimhse mhaoirseachta ina ndéanfaidh an OIÓ monatóireacht leanúnach ar dhul chun cinn an linbh de réir an phlean atá comhaontaithe chun an dóchúlacht go ndéanfaidh an leanbh cion arís a laghdú. 

Ina theannta sin, sa chás go sainaithnítear riachtanais eile, atreorófar an duine óg chuig Tionscadal Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána (má tá tionscadal ar fáil ina gceantar áitiúil) nó clubanna nó tionscadail eile ina bpobal. Má mheastar nach bhfuil leanbh oiriúnach chun tabhairt faoin gClár Athstiúrtha, eiseoidh an Stiúrthóir teastas sínithe a thabharfaidh le fios nach bhfuil sé/sí oiriúnach don chion seo. 

* Alt 129(2) d’Acht um Cheartas Coiriúil 2006