Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Clár Náisiúnta de Chiontóirí Drugaí Register

Cad é féin?

Tháinig Cuid 9 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2006 agus tugadh isteach oibleagáidí nua orthu siúd a ciontaíodh as cionta gáinneála drugaí chun faisnéis áirithe fúthu féin a thabhairt do na Gardaí.  Tugann an clár faisnéis áisiúil do na Gardaí maidir le ciontóirí ciontaithe.  

Cé chomh luath tar éis mo chiontaithe ar cheart dom scéala a thabhairt do na Gardaí?

Má chiontaítear thú as cion gáinneála drugaí caithfidh tú faisnéis áirithe fút féin a thabhairt do na Gardaí taobh istigh de seacht lá. Nuair a fhaigheann tú téarma príosúnachta tar éis thú a chiontú de bharr drugaí, ní thosóidh do dhualgas chun na Gardaí a chur ar an eolas go dtí go scaoilfear amach as an bpríosún thú. Beidh seacht lá agat ansin ón dáta a scaoilfear amach thú chun scéala a thabhairt do na Gardaí. Tá dualgas ar Ghobharnóir an phríosúin fógra a thabhairt do na Gardaí 10 lá ar a laghad sula scaoilfear saor thú, go bhfuiltear chun tú a scaoileadh saor.

Cén fhaisnéis ba cheart dom a thabhairt do na Gardaí?

Nuair a dhéanann an chúirt ag iarraidh ort fógra a thabhairt do na Gardaí tá sé de dhualgas ort an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt d’fhonn cloí leis na ceanglais:

  • D’ainm agus má úsáideann tú ainm(neacha) eile, gach ceann de na hainmneacha sin
  • Do dháta breithe
  • Do sheoladh baile
  • Má athraíonn tú d’ainm ón ainm a thug tú roimhe sin do na Gardaí sin caithfidh tú an t-ainm nua a thabhairt laistigh de seacht lá maidir le haon athrú mar sin ar d’ainm
  • Aon athrú ar do sheoladh baile
  • Má tá sé i gceist agat an stát a fhágáil ar feadh tréimhse leanúnaí seacht lá nó níos mó ansin caithfidh tú fógra a thabhairt do na Gardaí go bhfuil sé i gceist agat é sin a dhéanamh agus cén áit atá beartaithe acu fanacht fad is a bheidh siad amuigh as an stát

Cén fhad a mhairfidh na ceanglais chun fógra a thabhairt do na Gardaí?

Braitheann sé ar achar na pianbhreithe a fhaigheann tú ón gcúirt. Dá fhaide an phianbhreith, is faide a mhairfidh na ceanglais. Is treoir é seo a leanas maidir leis an achar ama a mhairfidh na ceanglais:

  • 12 bhliain: má fuair tú téarma príosúnachta saoil (ciallaíonn príosún saoil de ghnáth 14 bliana nó níos lú i bpríosún)
  • 7 mbliana: má fuair tú téarma príosúnachta níos mó ná 10 mbliana (ach ní príosún saoil)
  • 5 bliana: má fuair tú téarma príosúnachta 5 bliana nó níos mó (ach nach mó ná 10 mbliana)
  • 3 bliana: má fuair tú téarma príosúnachta bliain amháin nó níos mó (ach nach mó ná 5 bliana)
  • bliain amháin: má chuireann an chúirt do théarma príosúnachta ar fionraí
  • 1 year: if your imprisonment is suspended by the court

An gcaithfidh ciontóirí faoi bhun 18 mbliana déag na Gardaí a chur ar an eolas?

Caithfidh, tá dualgas orthu siúd faoi 18 mbliana déag ag tráth a ndaorbhreithe fógra a thabhairt do an Gardaí – ach tá na tréimhsí níos giorra. Seo iad na tréimhsí:

  • 6 bliana: má fuair tú téarma príosúnachta saoil (ciallaíonn príosún saoil de ghnáth 14 bliana nó níos lú i bpríosún)
  • 3.5 bliain: má fuair tú téarma príosúnachta níos mó ná 10 mbliana (ach ní príosún saoil)
  • 2.5 bliain: má fuair tú téarma príosúnachta 5 bliana nó níos mó (ach nach mó ná 10 mbliana)
  • 1.5 bliain: má fuair tú téarma príosúnachta bliain amháin nó níos mó (ach nach mó ná 5 bliana)
  • Sé mhí: má chuireann an chúirt do théarma príosúnachta ar fionraí

Cad a tharlaíonn má theipeann ar dhuine cloí leis na ceanglais maidir le fógra a thabhairt?

Aon duine a dteipeann air nó uirthi (gan leithscéal réasúnta), cloí leis an gceanglas maidir le fógra a thabhairt, beidh sé nó sí ciontach as cion. Is é an pionós fíneáil suas le €3,000 nó téarma príosúnachta suas le 12 mhí, nó an dá cheann.

An bhfuil feidhm ag na ceanglais seo maidir le fógra a thabhairt maidir le daoine a chiontaítear lasmuigh den stát?

Tá feidhm acu. Má chiontaítear thú as cion gáinneála drugaí lasmuigh d’Éirinn ina gcuimseofaí lena leithéid de chion, cion gáinneála drugaí in Éirinn, beidh tú faoi réir na gceanglas céanna maidir le fógra a thabhairt do na Gardaí, má bhogann tú go hÉirinn ina dhiaidh sin chun cónaí anseo. Má theipeann ort fógra a thabhairt do na Gardaí faoi do chuid sonraí, ansin féadfaidh na Gardaí thú a ionchúiseamh as neamhchomhlíonadh nó teip cloí leis na ceanglais. Caithfidh na Gardaí doiciméad a thabhairt don chúirt áfach ag cruthú mionsonraí do chiontaithe thar lear.