Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch

GNECB Signage

    Bunaíodh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch (BNGSCE) (Biúró an Gharda Síochána um Imscrúdú Calaoise tráth) in 1995. Tuairiscíonn an tArd-Cheannfort Bleachtaire atá i gceannas ar an mBiúró don Choimisinéir Cúnta, Coireacht Eagraithe Thromchúiseach. Feidhmíonn an Biúró ar bhonn náisiúnta agus tugann sé saintacaíocht agus treoir d’imscrúdaitheoirí ar calaois náisiúnta.

    Tugann beirt Cheannfort Bleachtairí cúnamh d’Ard-Cheannfort Bleachtaire BNGSCE, chomh maith le roinnt Bleachtairí Cigire a bhfuil freagracht phearsanta orthu maidir leis na comhaonaid laistigh den Bhiúró a bhainistiú. Is iad na príomhdhúshláin atá roimh an mBiúró ná: an timpeallacht shíorathraitheach ina n-oibríonn coirpigh eacnamaíocha i gcúinsí ina bhfuil méadú ag teacht i gcónaí ar úsáid agus ar fhorbairt na teicneolaíochta; castacht na coireolaíochta; agus líon na gcleachtas amhrasach gnó.

    Ról Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch:

    • Coireanna eacnamaíocha tromchúiseacha agus casta a imscrúdú.
    • Coireanna airgeadais atá ina n-ábhar suntasach imní poiblí a imscrúdú.
    • Tacaíocht agus cúnamh a sholáthar d’imscrúdaitheoirí áitiúla agus réigiúnacha.
    • Ról réamhghníomhach a bheith aige maidir le calaois a chosc agus a bhraith.
    • Na cásanna uile de bhreabaireacht agus éilliú eachtrach a imscrúdú de réir na reachtaíochta.
    • A bheith ina stór lárnach le haghaidh faisnéis a bhaineann le calaois

    Aonaid/Rannóga Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch:

    • An tAonad Measúnaithe
    • An tAonad Imscrúdaithe ar Choireacht Eacnamaíoch Tromchúiseach
    • An tAonad um Chártaí íocaíochta agus Airgeadra Góchumtha
    • An tAonad Frith-Éillithe
    • An tAonad um Imscrúdú ar Sciúradh Airgid
    • An tAonad um Fhaisnéis Airgeadais
    • An Oifig um Fhaisnéis Coiriúil
    • Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach (Foireann BNGSCE ar iasacht)
    • Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (Foireann BNGSCE ar iasacht)
       

    Is féidir teagmháil a dhéanamh le BNGSCE mar seo a leanas:

    Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch

    6 Ely Place Upper

    Dublin 2

    D02 TY02

    Teil:     +353 1 6663776

    Facs:    +353 1 6663798

    Líne Tuairiscithe Rúnda maidir le Breabaireacht agus Éilliú: 1800 40 60 80