Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ruttledge, Patrick

prutledge

Ainm: Ruttledge, Patrick

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 17003H

Stáisiún: Muineacháin

Blianta Seirbhíse: 14

Cúlra:
Rugadh Pat Ruttledge ar an 8 Deireadh Fómhair 1947 i gCeathrú Uí Raghaill, an Leamhach, Baile an Mhóta, Co. Shligigh. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 12 Iúil 1967. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Chluain Eois ar an 17 Samhain 1967, agus aistríodh ansin é go Cór Tráchta na Roinne, lonnaithe i Muineachán, ar an 11 Iúil 1972. Bhí Garda Ruttledge pósta agus bhí duine amháin clainne acu. Bhí an-suim aige i gcluichí CLG agus bhí sé ina bhall de chumann iomána Mhuineacháin. In 1974, fuadaigh aonad de chuid an IRA Shealadaigh é agus é ag tiomáint a ghluaisteáin féin ina am saor. Cuireadh buama 200lb ina ghluaisteán. Ordaíodh dó tiomáint go Machaire Mhílic, sráidbhaile i gCo. Fhear Manach. Ar an mbealach go Machaire Mhílic, thiomáin sé a ghluaisteán isteach i ngort agus d’fhág sé ann é agus é ag cuimhneamh ar shábháilteacht an phobail. Aithníodh crógacht Gharda Rutledge go forleathan i gceantar an Teorainn.

Cúinsí:

Ar an 24 Feabhra 1982, bhí Garda Ruttledge, in éineacht le Garda Nathy Cawley, ar dualgas tionlacain pléascán i gcarr patróil an Gharda Síochána ó Stáisiún Garda Mhuineacháin nuair a bhí sé i dtimpiste le trucail de chuid an Airm in Achadh an Bhrúim, Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin. Fuair Garda Ruttledge bás láithreach.