Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Tá An Garda Síochána tiomanta do sheirbhís thrédhearcach agus oscailte a chur ar fáil agus tá sé mar aidhm againn faisnéis a fhoilsiú, a d’fhéadfadh suim a bheith ag an bpobal féachaint uirthi, ar bhealach réamhghníomhach inár Scéim Foilsitheoireachta

Faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ní mór do chomhlachtaí FOI an oiread faisnéise is féidir a fhoilsiú go rialta i gcomhréir le prionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na freagrachta, ar an gcoinníoll nach bhfuil an fhoilsitheoireacht sin toirmiscthe ag an dlí nó meastar gur is taifead díolmhaithe é faoin Acht.

 
Faoi Chuid 1 (n) de Sceideal 1 den Acht, tá An Garda Síochána liostaithe mar ghníomhacht atá páirteach go páirteach “sa mhéid a bhaineann le taifid riaracháin a bhaineann le hacmhainní daonna nó le cúrsaí airgeadais nó soláthair". Dá bhrí sin, ní mheastar faoin Acht ach amháin iarratais ar Shaoráil Faisnéis a bhaineann leis na réimsí seo. Mar sin féin, soláthraíonn Suíomh Gréasáin an Gharda Síochána faisnéis bhreise maidir le seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal lasmuigh de na réimsí seo.

Tá Scéim Foilsitheoireachta an Gharda Síochána thíos. Cuireann an tábla naisc do fhaisnéis ar Shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána ar fáil. Muna bhfuil tú in ann teach tar an bhfaisnéis ata á lorg agat anseo, is féidir leat cuardach a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána leis an rogha cuardaigh thuas. Muna bhfuil an fhaisnéis le fáil faoi láthair, d’fhéadfá smaoineamh ar iarratas a dhéanamh faoi Shaoráil Faisnéise.

 

 


Faisnéis Ghinearálta fúinn

 


Feidhmeanna agus Seirbhísí

Faisnéis Airgeadais

 

 Faisnéis Soláthair

Faisnéis Acmhainní Daonna

 

Foilseacháin

 

Loga Cinnidh FOI