Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceadúnúchán Airm Tine

Teachtaireacht chuig gach sealbhóir ar dheimhniú Airm Tine

Thosaigh na chéad athnuachaintí dheimhnithe arm tine threimse trí (3) bliana ar an 1ú Lúnasa 2012. Eisíodh breis agus 220,000 deimhnithe arm tine trí (3) bliana ó tugadh Reachtaíocht nua um airm tine isteach ar an 1ú Lúnasa 2009. Tiocfaidh an chuid is mó de na hathnuachaintí seo i bhfeidhm ag deireadh 2012 agus i rith 2013 agus ar aghaidh go dtí 2014 etc. 

Gheobhaidh gach sealbhóir reatha ar dheimhniú Arm Tine leagan nua den Fhoirm Athnuachana arm tine (FCR) a bhfuil faisnéis curtha ann roimh ré sa phost 3 mhí a bheag nó a mhór roimh dhul in éag a d(h)eimhniú reatha. Inseofar na sonraí go léir atá ábhartha don deimhniú arm tine reatha, an arm tine, moltóirí, dochtúir ginearálta, talamh etc san áireamh ar an bhfoirm athnuachana. Cuirfear a samhail de bhoscaí ar fáil le pé athraithe a bheadh ann san fhoirm nua a éascú, mar shampla athrú mholtóra, dochtúra agus mar sin de. Féadfaidh an t-úinéir arm tine na hathruithe a líonadh isteach ar an bhfoirm athnuachana, más ann dóibh, agus nuair a síneofar an fhoirm cuirfear ar ais go dtí an Stáisiún Garda áitiúil an t-iarratas le haghaidh breithniúcháin ón gCeannfort (nó Ard-Cheannfort más iarratas srianta arm tine atá ann). Muna bhfuil athruithe ar bith ann, ní dhéanann an t-iarratasóir ach an fhoirm athnuachana a shíniú agus an fhoirm FCR a thabhairt go dtí a Stáisiún Garda áitiúil le haghaidh próiseála ag an nGarda Síochána.

Táthar ag súil gur próiseas i bhfad níos simplí é an córas athnuachana ná an chéim iarratais a lean ó thus na reachtaíochta nua ar an 1ú Lúnasa, 2009. Nuair a thugann an Ceannfort (nó an tArd-Cheannfort) breith an athnuachan a dheonú gheobhaidh an t-iarratasóir Litir Fhógra maidir le deimhniú arm tine a dheonú sa phost (de réir an nós imeachta a bhaineann le hiarratas nua) agus nuair a íocfar as gheobhaidh sé/sí a d(h)eimhniú 3 bliana sa phost. Ní athróidh an struchtúr táillí d’athnuachan ar dheimhniú Arm Tine.

Tabhair faoi aire le do thoil, gurbh é an leagan nua den fhoirm athnuachan arm tine (FCR) ina bhfuil faisnéis curtha ann roimh ré amháin a bheidh inghlactha don Gharda Síochána agus tú ag athnuachan deimhniú arm tine agus go gcaithfidh gach iarratas athnuachana a bheith líonta amach go cruinn roimh an FCR a chur ar ais go dtí an Stáisiún Garda. I ndeireadh na mbeart, is le haghaidh athnuachan deimhnithe arm tine amháin atá an Fhoirm Athnuachana Arm Tine (FCR). Leanfar ar aghaidh leis an fhoirm iarratas FCA1 arna leasú le deanaí le haghaidh aon iarratas nua nó ionadú ar dheimhniú Arm Tine.

Má tharlaíonn sé nach bhfaigheann sealbhóir ar dheimhniú Arm Tine an fhoirm athnuachana airm tine (FCR) ina bhfuil faisnéis curtha ann roimh ré roimh dháta éaga a d(h)eimhniú reatha, téigh i dteagmháil láithreach bonn le do stáisiún Garda áitiúil le do thoil. Muna gcomhlíonfar na hoibleagáidí seo bheadh arm tine gan cheadúnas ina sheilbh ag duine. Beidh gá le comhoibriú gach uile shealbhóir ar dheimhniú Arm Tine le cinntiú go mbeidh athnuachaintí um dheimhniú arm tine á bhainistú agus á phróiseáil i gceart. Is mian leis an Garda Síochána buíochas a ghabháil roimh ré do gach uile shealbhóir Arm Tine dá gcomhoibriú sa réimse seo.

Is féidir le gach faisnéis faoi na ceanglais / eolas ar onnmhairithe arm tine a fháil ar láithreán gréasáin de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais www.justice.ie .

Cliceáil ar a fhoirm chuí, le d’thoil.