Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aonad Gadhar an Gharda Síochána

Dogs 2_

Tá Aonad Madra an Gharda Síochána tar éis dul i méid thar na blianta agus tá sé anois mar dhlúthchuid den phóilíneacht le cabhair óna chuid phairtnéirí cainíneach.

Tá an phríomh Aonad Tacaíochta Madra  lonnaithe i Stáisiún na nGardaí Chill Mhaighneann agus bunaíodh é sa bhliain 1960.

Chomh maith leis an Aonad Madra i mBaile Átha Cliath tá Aonad Madra eile i Réigiún an Deiscirt.

Clár Traenála

Scrúdaítear na hábhair mhadraí ar feadh 3 nó 4 seachtaine agus má tá siad oiriúnach déanann said clár traenála 14 seachtaine. Tosnóidh an madra agus a láimhseálaí ar dualgas oibríochtúil ansin.

Beidh na madraí speisialaithe (drugaí agus pléascáin) ag traenáil le haghaidh 6 nó 8 seachtaine breise roimh bheith oibríochtúil. Déantar traenáil leanúnach ar bhonn rialta.

 Tá taithí ag Madraí na nGardaí ar bheith ag obair le pearsanra i Marcaonad Tacaíochta na nGardaí, in Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána agus in Aonad Uiscethacaíochta an Gharda Síochána.

Garda Dog in Boat on river

Dog Unit Directions

Cineálacha Madraí agus speisialachas

 

• Úsáid Ghinearálta – German Shephard

Úsáidtear German Shephards i réimse leathan tascanna póilíneachta ar nós dul ar thóir ar dhaoine, maoin agus fianaise a aithint, tóraíocht agus coinneáil, cosaint an láimhseálaí agus Smacht Ord Poiblí.

• Brathadóireacht Dhrugaí - Labrador nó English Springer Spaniel

Traenáltar na madraí in Aonad na Madraí chun teacht ar hearóin, cócaon, cannabas agus drugaí eile i suíomhanna lasmuigh nó laistigh.

• Aisghabháil Íospartaigh/Brathadóireacht fhola – Labrador nó English Springer Spaniel

Baineann Labradors agus English Springer Spaniels go speisialta le teach thar choirp atá curtha faoin talamh. Tá boladh fíor ghéar acu a chuireann ar a gcumas lobhadh daonna, fuil daonna agus sreabháin choirp a phiocadh suas.

• Aisghabháil Airm Tine - Labrador nó Springer Spaniel

Traenáltar na madraí seo in aisghabháil airm tine.

• Brathadóireacht Phléascáin - Labrador nó English Springer Spaniel

Díríonn na madraí seo ar theacht ar phléascáin.

• Réiteach Aighnis – Belgian Malinois

Úsáidtear Belgian Malinois i suíomhanna nuair nach gá forneart marfach láidir mar rogha chun duine a chaomhnú  i suíomh tromchúiseach.

doggies