Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aonad Aerthacaíochta an Gharda

 Bunaíodh Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána i Meán Fómhair 1997 le seachadadh aerárthach sciathán socraithe Cosantóir 4000 Pilatus Britten-Norman BIV 2T-4S agus heileacaptar Eurocopter AS355N Eceuriel.

Air 2

Tá an tAonad lonnaithe ag Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Domhnaill ar imeall Chathair Bhaile Átha Cliath cé go bhféadfadh aerárthach a bheith lonnaithe in áiteanna eile taobh istigh den Stát.

Air support best

 Féadfar aerárthach an Gharda Síochána a chur go dtí teagmhais sna cásanna seo a leanas:-

  • Bagairt láithreach don bheatha
  • Teagmhais de nádúr coiriúil, sceimlitheoireachta nó a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo
  • Bagairt láithreach de mhí-ord poiblí tromchúiseach
  • Tascanna a bhfuil cosc ar choireacht nó brathadóireacht choireacht mar thoradh orthu
  • Bailiú Fianaise
  • Bailiú Faisnéise
  • Tascanna Grianghrafadóireachta
  • Bainistiú Tráchta / Monatóireacht ar Thrácht

I 2001, fuair flít Aerárthach an Gharda Síochána an dara héileacaptar, Eurocopter EC 135 TC.    I rith 2007, cuireadh an dara héileacaptar Eceurie EC135 T2+ in áit héileacaptar.    Tá an dá héileacaptar EC135 feistithe le hinnill Turborneca (T2).     Aicmítear an aerárthach sciathán rothlach mar heileacaptar fóntais éadrom.

Air

Coimeádtar aerárthach an Gharda Síochána ar chlárlann míleata na hÉireann.    Tá pearsanra Aer Cór na hÉireann i mbun píolóta ar gach aerárthach agus soláthraíonn siad áiseanna cothabhála thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí.

Roghnaítear gach aerárthach atá i seirbhís leis an Aonad chun riachtanais oibríochta póilíneachta dochta a chomhlíonadh.   Feistítear an t-aerárthach leis an treallamh is deireanaí a bhaineann le ról na bpóilíní, lena n-áirítear ceamaraí de sholas lae agus íomhá teirmeach atá curtha ar ardáin  gyro-cobhsaithe, soilse cuardaigh, foirne cumarsáide forleithne agus teicneolaíocht micreatonn íocnasc / uasnasc.