Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Reynolds, Patrick Gerald

preynolds

Ainm: Reynolds, Patrick Gerald

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 21281D

Stáisiún: Tamhlacht, Co. Bhaile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 3

Cúlra:
Rugadh Patrick Gerard Reynolds ar an 16 Nollaig 1958 sa Bharr Rua,  Baile an Dúin, Co. Shligigh. Tugadh Gerard air ina áit dúchais. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta na Cluanaí agus ar Choláiste Naomh Muire, Mainistir na Búille. Chuaigh Patrick Gerard sa Gharda Síochána ar an 21 Meitheamh 1978. Bronnadh Bonn Ór Scott ar Sháirsint Reynolds i ndiaidh a bháis ar an 29 Meán Fómhair 1983.

Cúinsí:

Go luath ar maidin ar an 20 Feabhra 1982, chuaigh Garda Patrick Reynolds agus ceathrar dá chomrádaithe isteach i mbloc árasán leath-thréigthe i dTamhlacht, Baile Átha Cliath. Bhí gach duine acu in éide an Gharda Síochána agus bhí siad ag freagairt do leid a fuarthas ar an teileafón go raibh triúr fear a raibh cuma amhrasach orthu ag tabhairt málaí isteach in árasán i nGairdíní Abhainn Bheag. Rinne Garda Reynolds agus a Sháirsint cúl an bhloic a sheiceáil. Chuaigh na Gardaí eile isteach san árasán a bhí ainmnithe ag an nglaoiteoir anaithnid. Istigh san árasán, fuair na Gardaí seisear daoine, idir fhir agus mhná, agus neart arm acu. Bhí siad i mbun an airgid a ghoideadh ó bhanc in Eas Géitine, Co. Luimnigh cúpla lá roimhe sin a chomhaireamh. Tháinig scaoll ar na coirpigh agus rinne siad iarracht éalú ón áit. Nuair a chuala Garda Reynolds an clampar, rith sé i dtreo an árasáin nuair a tháinig duine de na coirpigh ina choinne. Scaoil sé faoi dhó air agus maraíodh é.