Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Reynolds, Michael Joseph

mreynolds

Ainm: Reynolds, Michael Joseph

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 17673G

Stáisiún: Cluain Tarbh

Blianta Seirbhíse: 5

Cúlra:
Rugadh Michael Reynolds ar an 9 Feabhra 1945 i gCluain Íne, Cill Chonaill, Beal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 4 Márta 1970. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath é. Bhí sé pósta agus bhí iníon aige, a bhí 2 bhliain d’aois trátha bháis. Fuair an cailín sin bás í féin agus í 24 bliana d’aois. Bronnadh Bonn Ór Scott ar Gharda Reynolds i ndiaidh a bháis ar an 16 Iúil 1976 ag an Ionad Oiliúna an Gharda Síochána, Teampall Mór.

Cúinsí:

San iarnóin ar an 11 Meán Fómhair 1975, rinne triúir robálaithe faoi airm brainse Chill Easra de Bhanc Ceannais na hÉireann ar Bhóthar Bhinn Éadair, Baile Átha Cliath, a robáil. D’éalaigh siad agus níos mó na £7,000 goidte acu ón mbanc. Agus iad ag imeacht ar ardluas, ba bheag nár bhuail siad i gcoinne gluaisteán a bhí á thiomáint ag Garda Michael Reynolds, nach raibh ar dualgas ag an am. Chuaigh Garda Reynolds sa tóir orthu, agus a bhean chéile, Vera, agus a iníon, Emer, in éineacht leis. Chríochnaigh an tóraíocht i bPáirc San Anna, Ráth Éanaigh, áit ar fhág na robálaithe a ngluaisteán. Rith Garda Reynolds, agus é gan airm, ina ndiaidh agus tar éis breith ar dhuine amháin de na robálaithe, tharraing sé go talamh é. D’ordaigh duine eile de na robálaithe do Gharda Reynolds a chomhchoirí a ligean saor agus nuair nach ndearna sé amhlaidh, rinne sé an Garda a lámhach sa cheann.