Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Phelan, Henry

hphelan

Ainm: Phelan, Henry

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 1347

Stáisiún: Callain, Co. Thiobraid Árainn

Blianta Seirbhíse: 6 mhí

Cúlra:
Rugadh Henry (Harry) Phelan ar an 25 Nollaig 1900 sa Roisín, Maoin Rátha, Co. Laoise, agus chuaigh sé sa Gharda Síochána  ar an 27 Bealtaine 1922. Sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána, bhí sé in Óglaigh na hÉireann. Bhí an-suim aige i gcúrsaí spóirt i gceantar Challain, go mór mór iománaíocht. Ní raibh sé pósta. Ba é an chéad chomhalta den Gharda Síochána nuabhunaithe a maraíodh.

Cúinsí:

Ar an 14 Samhain 1922, chuaigh Garda Phelan isteach i siopa i Muileann na hUamhan, Co. Thiobraid Árann chun camáin a cheannach le haghaidh foireann a bhí á tosú aige féin agus comhghleacaithe leis i gCallainn. Agus é sa siopa, tháinig beirt fhear faoi airm isteach agus, gan rabhadh, rinne siad Garda Phelan a lámhachadh agus a mharú.