Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

McLoughlin, Patrick Noel

pmcloughlin

Ainm: McLoughlin, Patrick Noel 

Grád: Sáirsint

Uimhir Chláraithe:14679L

Stáisiún: Dún Búinne

Blianta Seirbhíse: 21

Cúlra:
Rugadh Patrick McLoughlin ar an 9 Nollaig 1941, agus ba as ‘An Bungaló’, Sráid Phádraig, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí dó. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 19 Aibreán 1961. I mBéal Tairbirt, Co. an Chabháin an chéad áit a bhí sé ina Gharda. D’oibrigh sé freisin i Stáisiún an Gharda Síochána i gClaonadh, sa Seanchaisleán agus i mBaile Átha Troim. Fuair sé ardú céime go Sáirsint in 1975 agus cuireadh go hÓ Méith, Co. Lú é. Aistríodh é go Dún Búinne in 1977.  Bhí Sáirsint McLoughlin pósta agus bhí ceathrar clainne acu.

Cúinsí:

Ar an 11 Aibreán 1983, bhí Sáirsint McLoughlin ina chodladh sa leaba nuair a chuala sé cnag ar dhoras Stáisiún Garda Dhún Búinne. Bhí teach Sháirsint McLoughlin ina chuid d’fhoirgneamh an stáisiúin. D’oscail Sáirsint McLoughlin fuinneog thuas staighre ina theach chun a fháil amach cé a bhí ann. Agus é sin á dhéanamh aige, scaoil fear urchair a bhuail Sáirsint McLoughlin. Fuair sé bás tamall ina dhiaidh sin de dheasca a chréachtaí.