Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Detective Garda Colm G. Horkan

 Garda-Colm-G.-Horkan

Ainm: Colm G. Horkan

Céim: Bleachtaire Garda

Uimhir Chlárúcháin: 26225M

Stáisiún: An Caisleán Riabhach

Blianta Seirbhíse: 25

Cúlra:

Rugadh Colm Horkan ar an 13 Nollaig 1970, i mBaile Chathail Co Mhaigh Eo, an té is sine de sheachtar leanaí. Bhí sé ina bhall bródúil den Chlub CLG Sarsfields áitiúil agus d’imir sé chomh maith do Mhaigh Eo ag leibhéal Faoi 21 agus b’imreoir gailf díograiseach é. Chuaigh Colm Horkan leis An Garda Síochána ar 25 Iúil 1994 agus bhí sé lonnaithe i Stáisiúin Fhionnghlas, An Chaisleáin Riabhaigh agus Bhealach an Doirín.

Cúinsí:

Or oíche an 17 Meitheamh 2020, thug an Bleachtaire Garda Horkan freagra ar ghlao ar chúnamh óna chomhghleacaithe sa Gharda Síochána i gCeantar Chnoc Rua sa Chaisleán Riabhach. Is éard a bheith i gceist leis an nglao ná beirt fhear a bhí ag tiomáint siar agus aniar go dainséarach ar ghluaisrothar ach bhí siad imithe ón gceantar nuair a tháinig an Bleachtaire Garda Horkan. Lean an Bleachtaire Horkan ar aghaidh ag déanamh patróil sa cheantar agus tháinig sé ar bheirt fhear a d’oir don tuairisc ar an bPríomhshráid, An Caisleán Riabhach. Stop an Bleachtaire Garda Horkan an gluaisteán patróil agus labhair sé leis na fir, duine amháin acu a raibh aithne aige air. D’éirigh an fear eile an-trodach ina leith agus rinne an Bleachtaire Garda Horkan iarracht é a ghabháil. Dhiúltaigh an fear seo a ghabháil go foiréigeanach agus tharla streachailt dá bharr. D’éirigh leis an bhfear seilbh a ghlacadh ar arm tine eisiúna pearsanta an Bhleachtaire Garda Horkan. Ansin scaoil sé d’aon ghnó roinnt urchar ón arm tine a ghortaigh an Bleachtaire Garda Horkan go marfach.