Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Curtin, John David

jcurtin

Ainm: Mac Cuirtín, Seán Daithí

Céim: An Ceannfort

Uimhir Chláraithe: 783

Stáisiún: Tiobraid Árann

Blianta Seirbhíse: 9

Cúlra: Ba as Mín Uí Ghormáin, Áth Trasna, Contae Chorcaí, do Sheán Mac Cuirtín, a rugadh ar an 10ú Deireadh Fómhair 1902. Ba mhac feirmeora é a bhí aitheanta mar dhuine gníomhach i gCogadh na Saoirse in Éirinn. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 15ú Aibreán 1922. Fuair sé ardú céime go céim an tSáirsint i nDeireadh Fómhair 1922 ag seirbheáil i nDún na nGall. Fuair sé ardú céime go céim an Chigire i Meitheamh 1923 agus chaith sé tréimhse sa Cheanncheathrú i bPáirc an Fhionnuisce ina dhiaidh sin. Bhain sé céim an Cheannfoirt amach ar an 1ú Iúil 1926 ag fónamh i gCluainín Uí Ruairc, Gránard and Cill Áirne. Aistríodh go Tiobraid Árann é nuair a phós sé. Ba ócáid é a aistriú le haghaidh moladh speisialta ón gComhairle Baile Uirbeach as ucht a dhea-obair ghardaíochta i gCill Áirne, ina measc bhí fiosrúchán maidir le robáil bainc i gCill Áirne (1927), fiosrúchán maidir le litreacha bagracha agus forfheidhmiú na nDlithe iascaigh. Bhí an Ceannfort Mac Cuirtín pósta. Ní raibh aon chlann aige.

Cuinsí: I Mí an Mhárta sa bhliain 1931 ghabh an Ceannfort Mac Cuirtín baill d’eagraíocht shuaiteach ar chúiseanna arm tine agus thug sé fianaise in imeachtaí cúirte ina dhiaidh sin. Ar an 21ú Márta 1931, tar éis dó filleadh abhaile ó chigireachtaí go déanach san  oíche, stop sé a charr ag bealach isteach dá theach chun na geataí a oscailt nuair a rinneadh luíochán air agus lámhadh fuar marbh é.