Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Scéim Atreoraithe Sláinte

Scéim Atreoraithe Sláinte

Leis an Scéim Atreoraithe Sláinte, tugtar deis do dhaoine incháilithe a fhaightear i seilbh drugaí lena n-úsáid phearsanta dul i dteagmháil le seirbhísí sláinte seachas aghaidh a thabhairt ar fhreagairt láithreach ón gcóras ceartais choiriúil.Is é is aidhm di tacú le daoine trí fhreagairt atá bunaithe ar an tsláinte seachas tríd an gcóras ceartais choiriúil, nuair is iomchuí.

Tá an scéim á tabhairt isteach mar chuid de ghealltanas níos leithne de chuid an Rialtais díobháil a bhaineann le drugaí a laghdú, tacú le daoine teacht ar chabhair níos luaithe agus a chinntiú go bhfanann an forfheidhmiú dírithe orthu siúd a bhfuil baint acu le díol agus soláthar drugaí mídhleathacha agus leis an dúshaothrú a bhaineann leo.

Le leasanna na sochaí agus an chiontóra a chosaint agus le comhsheasmhacht cur chuige ag an nGarda Síochána a chinntiú, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sular féidir atreorú sláinte a thairiscint:

  • Ní mór don duine a fhaightear i seilbh drugaí a bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
  • Ní mór gurb é seo an chéad chion drugaí a rinne an duine.
  • Ní mór foras a bheith ag comhalta den Gharda Síochána le bheith in amhras gur druga rialaithe í an tsubstaint a urghabhadh.
  • Ní mór don duine a admháil, ag an am, go bhfuil sé/sí i seilbh substainte a chreideann sé/sí a bheith ina druga rialaithe.
  • Ní mór do na cúinsí a chur ina luí ar chomhalta den Gharda Síochána nach chun leas an phobail é dul ar aghaidh le hionchúiseamh agus go mbainfidh an duine a fhaightear i seilbh drugaí tairbhe as atreorú sláinte.
  • Ní mór don duine a chur in iúl go bhfuil sé/sí toilteanach páirt a ghlacadh sa scéim.
  • Níl pearsanra an Gharda Síochána ná Óglaigh na hÉireann i dteideal cionta faoin Scéim Atreoraithe Sláinte a chur de láimh.

Is cinneadh tromchúiseach é atreorú sláinte a thairiscint in ionad ionchúisimh, agus ní mór a bheith soiléir gur chun leas an phobail é an ciontóir a atreorú chuig an Scéim Atreoraithe Sláinte. I gcomhthéacs na scéime sin baineann na nithe seo a leanas le leis an machnamh maidir le leas an phobail:

  • An tairbhe don tsochaí a bhaineann le déileáil le handúil i ndrugaí i dtimpeallacht sláinte seachas i gcóras na gcúirteanna coiriúla
  • Leibhéal tromchúise na gcionta drugaí agus an tionchar a bhíonn acu ar an tsochaí i gcoitinne
  • Luach na ndrugaí
  • Aitheantas don luach a bhaineann le déileáil le handúil mar shaincheist sláinte agus cóireáil a thairiscint mar mhalairt ar ionchúiseamh coiriúil
  • An gá daoine a dhíspreagadh ó chionta a dhéanamh amach anseo

Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach ar ár gCeisteanna Coitianta faoin Scéim Atreoraithe Sláinte. 

Na Cionta

Baineann an scéim le cionta den chéad uair faoi Alt 3 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí. Áirítear leis sin cúinsí ina bhfuil duine cúisithe as mionchionta eile nó ina bhfuil ciontuithe aige/aici roimhe seo as cionta eile nach mbaineann le drugaí. Mura n-éilíonn leas an phobail ionchúiseamh i leith an chiona faoi Alt 3, d’fhéadfadh atreorú sláinte a bheith iomchuí ansin. D'fhéadfadh cúinsí a bheith ann ina gciallaíonn comhthéacs an chiontaithe fhoriomláin nach mbeidh tarchur chuig an scéim oiriúnach nó ar mhaithe le leas an phobail.

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur cion coiriúil fós é drugaí rialaithe a bheith i seilbh duine faoi Alt 3 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977

An Ciontóir

Chun go measfar an ciontóir a bheith oiriúnach d’atreorú, ní mór dó/di glacadh leis gur druga rialaithe í an tsubstaint atá ina sheilbh agus é sin a chur in iúl. Ní mór don chiontóir a chur in iúl freisin go bhfuil sé/sí toilteanach páirt a ghlacadh sa scéim.

Más mian leis an gciontóir comhairle dlí a lorg maidir le cé acu ba cheart dó/di glacadh leis an tairiscint faoin scéim, ní mór an chomhairle sin a fháil go pras agus laistigh de na teorainneacha ama reachtúla ionas gur féidir an cion a ionchúiseamh.

Sa chás go bhfuil ciontú le déanaí nó níos mó ná ciontú amháin ag an gciontóir, thabharfadh sé sin le fios go bhfuil an duine mí-oiriúnach le haghaidh atreorú sláinte. Mar sin féin, scrúdófar cúinsí gach cáis féachaint an bhfuil atreorú sláinte iomchuí.

An Scéim Atreoraithe Sláinte a Sholáthar

Déanfaidh Ceannfort, nó Cigire atá ag gníomhú thar a cheann, cinneadh maidir leis an atreorú sláinte. Sa chás ina ndéantar cinneadh gan atreorú sláinte a thairiscint, ní mór don té a dhéanann an cinneadh an réasúnaíocht atá leis an gcinneadh sin a thaifeadadh go soiléir, agus ba cheart an réasúnaíocht sin a chur in iúl don duine.

Sa chás go ndéantar cinneadh atreorú a thairiscint, ní mór an duine a fhaigheann an t-atreorú a chur ar an eolas faoin tairbhe go ndéileáiltear leis an gcion trí atreorú sláinte agus faoin bpróiseas lena ghlacadh ar an scéim. 

Tabharfar sonraí don duine a fhaightear i seilbh drugaí faoi conas féinatreorú a dhéanamh chun idirghabháil atreoraithe sláinte a fháil. Cuirfear in iúl dóibh gurb é a bhfreagracht phearsanta coinne a dhéanamh.