Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta faoin Scéim Atreoraithe Sláinte

Ceisteanna Coitianta faoin Scéim Atreoraithe Sláinte

Cad í an Scéim Atreoraithe Sláinte?

Leis an Scéim Atreoraithe Sláinte, féadfaidh An Garda Síochána duine incháilithe a atreorú chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le haghaidh idirghabhála gairide sláinte, nuair a fhaightear drugaí ina sheilbh lena n-úsáid go pearsanta den chéad uair, mar rogha eile ar ionchúiseamh.

Cén fáth a bhfuil an Scéim Atreoraithe Sláinte á tabhairt isteach?

Is príomh-thoradh insoláthartha é cur chun feidhme na Scéime Atreoraithe Sláinte sa Straitéis Náisiúnta Drugaí 2026 – 2029.  Tá an scéim ag teacht leis an moladh ó Thionól na Saoránach maidir le hÚsáid Drugaí go nglacfaí cur chuige cuimsitheach faoi stiúir na seirbhísí sláinte, agus cuirtear moltaí an Chomhchoiste um Úsáid Drugaí san áireamh inti freisin.

Léirítear sa scéim na gealltanais maidir le déileáil le húsáid drugaí mar shaincheist sláinte poiblí.  Tá sé beartaithe léi an stiogma a laghdú, daoine a spreagadh chun cabhair a lorg agus tacú leo sula n-éiríonn a n-úsáid drugaí níos díobhálaí.

Cé dó a bhfuil an Scéim Atreoraithe Sláinte?

Tá an scéim dírithe ar dhaoine fásta a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus a bhfaightear drugaí ina seilbh lena n-úsáid go pearsanta den chéad uair.  

Má tá an duine incháilithe, atreorófar chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é chun tacaíocht a fháil.  Feidhmeofar an scéim faoi nósanna imeachta comhaontaithe atá ceaptha lena chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm í ar bhealach cothrom, trédhearcach agus comhsheasmhach ar fud na tíre.

Má dhiúltaítear atreorú chuig an scéim dom, an féidir liom achomharc a dhéanamh?

I gcás ina meastar ciontóir a bheith mí-oiriúnach d’atreorú sláinte i ndáil le cion a chumhdaítear faoin Scéim, féadfaidh an ciontóir a iarraidh go ndéanfadh Ceannfort eile, nó Cigire atá ag gníomhú thar ceann an Cheannfoirt sin, a chás a bhreithniú.

Cá fhad tar éis mo ghabhála a gheobhaidh mé amach an bhfuil mé le hatreorú?

Cuirfear in iúl don duine láithreach go mbreithneofar é lena chur san áireamh sa scéim.  Déanfar teagmháil leis an duine chun coinne a shocrú má mheastar go bhfuil sé oiriúnach lena chur san áireamh sa scéim.

Má mheastar go bhfuil mé oiriúnach don scéim, conas a chuirfear é sin in iúl dom?

Déanfar teagmháil leis an duine trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála a thug sé don Gharda a ghabh é.

Cad is brí le ‘úsáid phearsanta’?

Is éard atá i gceist le ‘húsáid phearsanta’ méid beag d’aon druga rialaithe a mheastar a bheith lena chaitheamh ag an duine féin.

An ndéanann sé seo seilbh drugaí dleathach?

Ní dhéanann. Is cion coiriúil fós é drugaí a bheith i do sheilbh. Ní dhéanann an Scéim Atreoraithe Sláinte úsáid drugaí dleathach ná ní athraíonn sí an chaoi a bhfreagraíonn an Stát do gháinneáil ar dhrugaí, d’imeaglú a bhaineann le drugaí ná don choireacht eagraithe.

Cuireann an scéim bealach faoi stiúir na seirbhísí sláinte ar fáil do chásanna incháilithe ina bhfaightear drugaí i seilbh duine lena n-úsáid go pearsanta den chéad uair.

Cén méid de gach druga a mheastar a bheith le haghaidh ‘úsáid phearsanta’?

Méid a mheasfaí a bheith réasúnta lena chaitheamh go pearsanta. Níl aon chainníochtaí sonracha leagtha síos.

Cad a tharlaíonn má theipeann ar dhuine freastal ar a choinne faoin Scéim Atreoraithe Sláinte ag stáisiún na nGardaí?

Má theipeann ar dhuine teacht chuig Stáisiún Garda Síochána chun glacadh leis an atreorú sláinte, cuirfear tús le hionchúiseamh.

An ndéanfar an ghabháil a thaifeadadh ar PULSE?

Ní mór an t-atreorú a thaifeadadh ionas go mbeidh comhalta den Gharda Síochána ar an eolas, má ghabhtar an duine arís, gur tugadh deis atreoraithe don chiontóir cheana féin. Féadfar é a chur in iúl do Chúirt i gcás imeachtaí eile, bíodh siad coiriúil nó sibhialta, má iarrann an breitheamh an fhaisnéis sin.   Ní dhéanfar an t-atreorú a thaifeadadh chun críocha grinnfhiosrúcháin ná i dtaifead ciontuithe roimhe seo.

Má tugadh Rabhadh Aosach do dhuine mar gheall ar channabas nó roisín cannabais, an féidir leis leas a bhaint as an scéim?

Mar gheall ar chineál an atreoraithe sláinte, níor cheart é a thairiscint do chiontóir ach aon uair amháin. D’fhéadfadh daoine a dhéanann an dara cion faoi Alt 3 maidir le seilbh cannabais a bheith incháilithe don Scéim Rabhaidh d’Aosaigh.

Má ciontaíodh roimhe seo mé i gcion a bhaineann le drugaí, an féidir liom leas a bhaint as an scéim?

Ní féidir. Tá an scéim seo ceaptha chun rogha eile ar ionchúiseamh a thairiscint do dhaoine a dhéanann cion drugaí den chéad uair.  Tá sé mar aidhm ag an scéim daoine a fhaightear aon druga rialaithe ina seilbh lena n-úsáid go pearsanta a atreorú chuig na seirbhísí sláinte agus deis athshlánúcháin agus cóireála a thairiscint dóibh mar rogha eile ar ionchúiseamh os comhair na gcúirteanna.