Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Donegan, Samuel

sdonegan

Ainm: Ó Dúnagáin, Somhairle

Céim: An Cigire

Uimhir Chláraithe: 8586

Stáisiún: Cabhán

Blianta Seirbhíse: 37

Cúlra: Ba as Baile an Tiopáin, Baile Mhic Cormaic, Contae Longfoirt do Shomhairle Ó Dúngáin ó dhúchas agus rugadh é ar an 20ú Samhain 1911. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 4ú Meán Fómhair sa bhliain 1934 agus bhain sé ardú céime amach go dtí céim an tSáirsint sa bhliain 1952 agus go dtí céim an Chigire sa bhliain 1967. Bhí an Cigire Ó Dúnagáin pósta le seisear clainne agus d’fhóin sé i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Shligigh roimh aistriú dó go dtí An Cabhán sa bhliain 1967.

Cuinsí: Ar an 8ú Iúil 1972 bhí an Cigire Ó Dúnagáin i measc duine de bhuíon Gardaí agus an Airm a bhí i mbun cuardaigh ar theorainn an Chabháin/Fhear Manach nuair a maraíodh é le bobghaiste ar bhóthairín tuaithe ag Droim Bochanach, An Baile Nua, Contae Fhear Manach.