Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána um Ilchineálacht agus Imeascadh

Tá Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána um Éagsúlacht ina chuid de Bhiúró Náisiúnta Rannpháirtíochta Pobail an Gharda Síochána.

Ról an Aonaid:

  • Faireachán a dhéanamh ar Choireacht Fuath / Teagmhais a bhaineann le Fuath trí PULSE / na meáin shóisialta agus scríofa / atreoruithe ó thríú páirtithe / gearáin.
  • Beartas, straitéis agus treoirlínte oibríochtúla a fhorbairt i ngach réimse gaolmhar den Éagsúlacht.
  • Comhairle agus tacaíocht a thabhairt d'imscrúdaitheoirí Coireachta Fuath/Teagmhas a Bhaineann le Fuath.
  • Oiliúint a chur ar fáil d'Oifigigh Éagsúlachta an Gharda Síochána.  
  • Idirchaidreamh a dhéanamh idir daoine den phobal agus an Garda ábhartha nó soláthraí seirbhíse eile.