Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Braite Seasta Ceamaraí Sábháilteachta

Cad is ceamara sábháilteachta seasta ann?

Tá ceamara sábháilteachta seasta suite in aon suíomh amháin agus tomhaiseann sé luas tiománaí ag an bpointe sonrach sin ar an mbóthar.

Cad é mar a oibríonn sé?

Mar atá i gcás veaineanna GoSafe, eiseofar fógra muirir sheasta pionóis go huathoibríoch do thiománaithe a bhraitear ag ceamaraí sábháilteachta seasta agus iad ag sárú na teorann luais ar an mbóthar sin.

Cén fáth a n-úsáidtear ceamaraí sábháilteachta seasta?

Tá sé cruthaithe go hidirnáisiúnta go laghdaíonn ceamaraí sábháilteachta seasta luas. Tá luas ar cheann de na príomhchúiseanna le básanna ar bhóithre.

Suíomhanna Beartaithe

Fógraíodh suíomhanna naoi gceamara sábháilteachta seasta i mí na Bealtaine 2024.

Gaillimh, N59 idir Maigh Cuilinn agus Cathair na Gaillimhe  Port Láirge, N25 idir An Gleann Mór agus An Fhliuchmhuine Loch Garman, R772, An Easc, Guaire Dún na nGall, N13, soir ó Leitir Ceanainn Ceatharlach, N80, idir Barristown agus Baile Luibhéid Baile Átha Cliath, Bóthar Chromghlinne/Bóthar Parnell/Bóthar an Charnáin/Acomhal Bhóthar an Charnáin Maigh Eo, N17, soir ó thuaidh de Chlár Chlainne Mhuiris Corcaigh, N22, soir de Lios Ardachaidh, siar ó na hUamhanna Luimneach, N69, soir ó Eas Géitine

Roghnaíodh na suíomhanna bunaithe ar shonraí maidir le himbhuailtí marfacha agus imbhuailtí a bhain le gortuithe tromchúiseacha le seacht mbliana anuas agus ar shonraí luais, chomh maith le haiseolas ó gheallsealbhóirí.

Tá na naoi gceamara sábháilteachta sheasta á maoiniú ó bhuiséad an Gharda Síochána ar chostas thart ar €2.4 milliún thar na 18 mí atá le teacht.

Ina theannta sin, d’iarr Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, cás gnó a fhorbairt chun 100 ceamara sábháilteachta seasta eile a thabhairt isteach.

Suíomhanna Nua (amhail an 13 Nollaig 2024)

N17 Maigh Eo

N59 Gaillimh

Suíomhanna Nua (amhail an 20 Nollaig 2024)

N13 Dún na nGall

Suíomhanna Nua (amhail an 14 Márta 2025)

N69 Luimneach

Suíomhanna Nua (amhail an 2 Bealtaine 2025)

R772 Loch Garman

N22 Corcaigh

Suíomhanna Nua (amhail an 23 Bealtaine 2025)

N80 Ceatharlach

Suíomhanna Nua (amhail an 30 Bealtaine 2025)

N25 Cill Chainnigh

Suíomhanna Nua (amhail an 1 Lúnasa 2025)

An Carnán Baile Átha Cliath 12