An Príomhleathanach:Fórsa deonach is é Cúltaca an Gharda Síochána atá comhdhéanta de dhaoine aonair atá ag iarraidh an comhar a íoc leis an bpobal, a chomhlíonann dualgais i gcuideachta le baill lánaimseartha den Gharda Síochána, agus a oibríonn chun daoine a choinneáil sábháilte.Is príomhshócmhainn iad Gardaí Cúltaca don Gharda Síochána mar go ndéanann siad tacaíocht a thabhairt le linn oibríochtaí póilíneachta, feabhas a chur le naisc le pobail áitiúla, agus toisc go mbíonn raon leathan scileanna agus buanna ag gabháil leo freisin. Ó bunaíodh é faoi Acht an Gharda Síochána, 2005, tá 1706 Garda Cúltaca céimithe ó Choláiste an Gharda Síochána agus bhain na chéad oiliúnaithe de chuid Chúltaca an Gharda Síochána céim amach i mí na Nollag 2006. Tá 332 ball gníomhach de Chúltaca an Gharda Síochána ann faoi láthair.Tá cumhachtaí póilíneachta deonaithe do Ghardaí Cúltaca, le linn dóibh a bheith i mbun dualgais, ag Coimisinéir an Gharda Síochána. Faoi mhaoirseacht agus tacaíocht chomhaltaí lánaimseartha an Gharda, cabhraíonn siad le coireanna a chosc agus le níos mó muiníne a thabhairt don phobal i ndáil lena sábháilteacht.Misean Chúltaca an Gharda Síochána “Freagairt éifeachtach agus seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar i gcónaí agus feabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht idir An Garda Síochána agus an pobal áitiúil”. - Cúltaca an Gharda Síochána, An Lámhleabhar um Beartas agus Nósanna Imeachta (2007)Ról Bíonn baill de Chúltaca an Gharda Síochána páirteach sa phóilíneacht a dhéantar ar mhór-theagmhais agus ar imeachtaí móra. Bítear ag súil leo seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar i gcónaí chomh maith le comharthaí den chomhpháirtíocht idir An Garda Síochána agus an pobal áitiúil.“Is sócmhainn iad Cúltaca an Gharda Síochána dá bpobail agus breathnaíonn an pobal orthu go dearfach mar dhaoine a thugann a gcuid eolais agus scileanna áitiúla chun tosaigh i ngach rud a dhéanann siad. Tugann siad tacaíocht ollmhór don eagraíocht freisin trí chúnamh a thabhairt i ndáil lenár n-infheictheacht ar phatról coise, ar smacht sluaite agus i mbrath na coireachta laistigh den phobal a mhéadú”. – An Coimisinéir Cúnta Cliona RichardsonLigean Isteach i gCúltaca an Gharda Síochána18 mbliana d'aois ar a laghad, agus gan a bheith níos sine ná 59.A bheith i do náisiúnach de Bhallstát Eorpach, de Stát LEE, den RA nó de Chónaidhm na hEilvéise.A bheith i do chónaí sa Stát ar feadh thréimhse 1 bhliain roimh dháta an iarratais agus 4 bliana de na 8 mbliana is deireanaí caite agat mar chónaitheoir sa Stát. Agus riachtanas cónaitheachta iomlán de 5 bliana comhlíonta agat.Sláinte choirp mhaith, agus amharc na súile maith, agat.Dea-cháil a bheith ort.Grád nach lú ná D3 nó 06 i 5 ábhar i leibhéal nach ísle ná an gnáthleibhéal san Ardteistiméireacht.Teastas Leibhéal 5 nó níos airde is teastas atá aitheanta leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a choibhéis faoi mar a chinneann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.Líofa sa Ghaeilge nó sa Bhéarla, nó sa dá theanga sin.Chun sonraí a fháil faoi shrianta iontrála féach an leathanach CCanna thíos.Dualgais an Gharda ChúltacaAn Póilíniú PobailRannpháirtíocht sa PhobalPatról stádair ard-infheictheachta (in éineacht le ball lánaimseartha)Patról soghluaiste (in éineacht le ball lánaimseartha)Cabhrú i gcás timpiste, dóiteáin, móréigeandálaLáthair na coireachta a chaomhnúLáthair slándála statach e.g. láthair choireDualgais um thrácht ar bhóthar agus seicphointí (in éineacht le ball lánaimseartha)Dualgais StáisiúinBíonn Garda Cúltaca údaraithe chun dualgais ghinearálta stáisiúin a chomhlíonadh seachas amháin cúram agus coimeád príosúnach.Oifig Phoiblí/ Cuntar Tosaigh:Cúnamh a thabhairt don phobalGlaonna gutháin a fhreagairt agus déileáil le fiosrúcháin ar an bhfónSonraí na ndaoine a thagann ar an láthair d’fhonn síniú a thaifeadadh mar choinníollacha bannaíSonraí coireanna/cionta a thaifeadadh, PULSE agus cláir láimhe a nuashonrú de réir mar is cuíA bheith mar fhinné le haghaidh iarratas ar PhasannaDualgas seomra cumarsáide agus monatóireacht ar fhothaí TCI.Póilíneacht ar BhóithreDualgais sheicphointí Trácht ar Bhóithre, in éineacht le ball lánaimseartha.Fógraí CPMS a eisiúint nuair a bhraitear cionta.Cabhrú i gcás tionóisce, dóiteán, agus móréigeandála.Straitéis agus SpriocannaTá Straitéis Um Chúltaca An Gharda Síochána 2021-2025 bunaithe ar ghealltanais do shé phríomhchuspóir:Gardaí Cúlchiste a EarcúOiliúint agus ForbairtRól agus Imlonnú Gardaí CúltacaMaoirseacht agus RialachasLuach ár bPearsanra a AithintMeasúnúChun teacht ar fhaisnéis bhreise:www.publicjobs.ie Related File(s) Straitéis Chúltaca an Gharda Síochána 2021 202519/10/2021pdf13.Mb An Garda Siochana Reserves Leaflet A4 Irish05/06/2024pdf3.7Mb