Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An gcuirfidh an post atá agam faoi láthair bac orm agus mé ag iarraidh bheith i mo Chúltaca?

Ní cheadóidh an Coimisinéir d’aon duine mar thraenálaí nó ní cheapfaidh sé ina Chúltaca, aon duine :

a) má tá  teastas nó ceadúnas ainmnithe aige, ceann nach mbeadh ceadaithe ag an nGarda Síochána

b) má tá sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann

c) má tá sé ina oifigeach de chuid na cúirte

d) má tá sé ina bhall den tSeirbhís Promhaidh agus Leasa

e) más báille é

f) más oifigeach príosúin é

g) más abhcóide nó dlíodóir é atá ag cleachtadh a ghairme

h) más bainisteoir nó leasbhainisteoir é ar áitreabh nó ar ghnó a fheidhmíonn faoi cheadúnas nó faoi theastas ar féidir go mbeadh an Garda Síochána ina aghaidh a cheadaithe

i) má chuireann sé seirbhís slándála ar fáil laistigh den Acht um Shlándáil Phríobháideach 2004

j) má dhéanann sé toghairm a sheirbheáil ina am saor

k) má tá sé fostaithe i bpost ar bith á cheapann an Coimisinéir  a mbeadh coinbhleacht leasa i gceist leis maidir le dualgais Chúltaca an Gharda Síochána