Teastas Póilíní
Is teastas é Teastas Póilíní i leith duine aonair a eisíonn na Gardaí i gcúinsí áirithe. Luaitear sa teastas, atá bailí ar feadh 12 mhí, d’ainm, do sheoladh, do dháta breithe agus tá eolas ann freisin faoi cibé an bhfuil taifead coiriúil agat i leith na dlínse seo nó nach bhfuil.
Eisíonn an Ceannfort agus/nó An Príomhoifigeach Cúnta an Teastas Póilíní sa Rannán ina gcónaíonn an t-iarrthóir ábhartha, nó a raibh cónaí air roimhe sin, i bPoblacht na hÉireann. Téigh le do thoil chuig ár nEolaire Stáisiúin chun fáil amach cé hé do Cheannfort Dúiche.
Eisítear Teastais Phóilíní chun na críocha seo a leanas amháin:
- Údaráis Chonsalachta Eachtracha
- 2. Víosaí Eachtracha
- 3. Gnó a Bhunú i Stát AE eile
Tá na doiciméid seo a leanas ag teastáil:
- Foirm iarratais chomhlánaithe
- Cóip dheimhnithe de do phas, do cheadúnas tiomána nó gaolmhar chun críocha aitheantais
- Cruthúnas ar sheoladh agus / nó cruthúnas ar sheoladh roimhe seo
Eisítear an Teastas Póilíní saor in aisce agus tógfaidh sé timpeall trí seachtaine é a phróiseáil.
Ní féidir Teastas Póilíní a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, imréiteach slándála nó teistiméireacht charachtair. Ní dhéantar grinnfhiosrúchán Garda do dhaoine ar bhonn aonair. Ní dhéantar é ach maidir le pearsanra atá ag obair i gcáil lánaimseartha, páirtaimseartha, deonach nó i gcáil socrúcháin mac léinn i bpost in eagraíocht, trína bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar leanaí agus/nó aosaigh leochaileacha. Ní féidir foirmeacha iarratais grinnfhiosrúcháin Garda a fháil ach ó eagraíocht atá cláraithe le Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána chun grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar a bhfostaithe ionchasacha.
Chomh maith leis an méid thuas, tabhair le fios le do thoil nach féidir Teastas Póilíní a mheas mar léiriú ar Stádas Cónaithe / Inimirce an Iarrthóra nó a stair i leith na dlínse seo.
- An Garda Síochána Teastas Póilíní - Foirm Iarratais
- An Garda Síochána Teastas Póilíní - Foirm Iarratais (Bearla)
Teastais Phóilíní– Ceisteanna Coitianta
Cén fáth a n-eisítear Teastais Phóilíní?
Conas a chuirim iarratas isteach?
Ba chóir duit foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach in éineacht le cóip dheimhnithe de do phas, do cheadúnas tiomána nó a leithéid chun críocha aitheantais agus cruthúnas ar do sheoladh agus nó seoltaí roimhe seo sa phost.
Cá ndéanfaidh mé iarratas?
Ceannfort agus/nó Príomhoifigeach Cúnta sa Rannán ina gcónaíonn an t-iarrthóir ábhartha, nó a raibh cónaí air roimhe sin, i bPoblacht na hÉireann.
Má tá cónaí orm i dTuaisceart Éireann, an féidir liom iarratas a dhéanamh ar Theastas Póilíní i bPoblacht na hÉireann?
Ní féidir, moltar duit teagmháil a dhéanamh le do stáisiúin áitiúil Seirbhís Póilíneachta Tuaisceart Éireann (SPTÉ) chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bpróiseas i dTuaisceart Éireann.
An ionann Teastais Phóilíní agus Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána?
Ní hionann iad, Ní féidir Teastas Póilíní a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, imréiteach slándála nó teistiméireacht charachtair. Ní dhéantar Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do dhaoine ach ar bhonn aonair. Ní dhéantar é ach maidir le pearsanra atá ag obair i gcáil lánaimseartha, páirtaimseartha, deonach nó i gcáil socrúcháin mac léinn i bpost in eagraíocht, trína bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar leanaí agus/nó aosaigh leochaileacha. Ní féidir foirmeacha iarratais grinnfhiosrúchán Garda a fháil ach ó eagraíocht atá cláraithe le Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána chun grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar a bhfostaithe ionchasacha.
An bhfuil aon táille ar iarratas a dhéanamh?
Níl, eisítear an Teastas Póilíní saor in aisce agus tógfaidh sé timpeall trí seachtaine é a phróiseáil.
An Garda Síochána agus Cosaint Sonraí
Faoi réir fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS), an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (an TFD), agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá an ceart ag gach duine aonair chun teacht a bheith acu ar shonraí pearsanta a bhaineann leo atá á gcoimeád ag an nGarda Síochána.
Eisítear nochtadh um Chosaint Sonraí go díreach don iarratasóir i bpearsan dá n-úsáid phearsanta féin.
Ní féidir nochtadh um Chosaint Sonraí a fhorléiriú mar chruthúnas i leith ciontuithe ar bith, Deimhniú Póilíní, tagairt an Gharda Síochána nó Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.
Ba cheart do dhuine aonair a lorgaíonn teacht ar a bhfaisnéis an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ar Shonraí (F20)
An Gharda Síochána agus Acht um Shaoráíl Faisnéise (Acht SF)
Tá an rannóg um Shaoráil Faisnéise iomlán ar fáil anseo.
Ón 14 Deireadh Fómhair 2015, tháinig an Garda Síochána faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014, maidir le taifid a bhaineann leis na réimsí riaracháin seo a leanas amháin:
- Acmhainní duine
- Airgeadas
- Soláthar
Tá roinnt díolúintí tugtha don Gharda Síochána faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 chun a chinntiú go bhféadfaidh sé a phríomhfheidhmeanna a chomhlíonadh agus a chinntiú nach gcuirfear isteach ar shlándáil an Stáit.
