Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cosaint Sonraí / Saoráil Faisnéise / Teastais Phóilíní

Teastas Póilíní

Is éard is Deimhniú Póilíneachta ann ná deimhniú i leith duine aonair a eisíonn na Gardaí in imthosca áirithe. Luaitear sa teastas, atá bailí ar feadh 12 mhí, d'ainm, do sheoladh, do dháta breithe agus áirítear ann freisin faisnéis faoi cibé an bhfuil taifead coiriúil agat i ndáil leis an dlínse seo nó nach bhfuil.

Eisíonn an Ceannfort agus/nó an Príomhoifigeach Cúnta Deimhniú Póilíneachta laistigh den Rannán ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir ábhartha, nó ina raibh cónaí air roimhe sin, i bPoblacht na hÉireann. Téigh go dtí ár  nEolaire Stáisiúin  chun a fháil amach cé hé do Cheannfort Ceantair. 

Is chun na gcríoch seo a leanas amháin a eisítear Deimhnithe Póilíneachta:

  1. Údaráis Chonsalacha Eachtracha / Víosaí Eachtracha [e.g. iarratais, eadóirseacht agus / nó ábhair inimirce eile]
  2. Gnólacht a bhunú nó a chlárú i mBallstát eile den
  3. Aontas Fostaíocht in institiúidí an AE Oibrithe
  4. Forbartha / Daonnúla / Cabhrach a imscartar thar lear thar ceann Eagraíochta Neamhrialtais Cláraithe le doiciméid tacaíochta arna n-eisiúint ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus / nó ag aon Ghníomhaireacht Reachtúil eile a bhaineann leis an ngníomhaíocht lena mbaineann
  5. Saoránaigh Éireannacha atá ag glacadh páirte i gclár acadúil creidiúnaithe ar bhonn lánaimseartha ar feadh tréimhse bliana acadúla ar a laghad le hInstitiúid Oideachais Tríú Leibhéal aitheanta (sa Stát Óstach) lasmuigh den dlínse seo.

Tá na doiciméid seo a leanas ag teastáil:

  •  Foirm iarratais comhlánaithe
  • Cóip dheimhnithe de do phas, do cheadúnas tiomána nó a leithéid chun críocha aitheantais
  • Cruthúnas seolta agus/nó cruthúnas seoltaí roimhe seo

Eisítear an Deimhniú Póilíneachta saor in aisce agus tógfaidh sé thart ar thrí seachtaine é a phróiseáil agus is féidir é a chomhlánú go díreach ar líne anois.

Ní féidir Deimhniú Póilíneachta a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, mar imréiteach slándála ná mar thagairt charachtair. Ní dhéantar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do dhaoine ar bhonn aonair. Ní dhéantar é ach amháin i leith pearsanra atá ag obair go lánaimseartha, go páirtaimseartha, go deonach nó i gcáil socrúcháin mac léinn i bpost in eagraíocht, trína bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar leanaí agus/nó ar dhaoine fásta leochaileacha. Ní féidir foirmeacha iarratais ar ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a fháil ach amháin ó eagraíocht atá cláraithe le Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána chun a chuid fostaithe ionchasacha a ghrinnfhiosrúchán.

Chomh maith leis an méid thuas, tabhair faoi deara le do thoil nach féidir Deimhniú Póilíní a mheas mar léiriú ar Stádas Cónaitheachta / Inimirce nó stair na nIarratasóirí maidir leis an Dlínse seo. 

Teastais Phóilíní– Ceisteanna Coitianta

Cén fáth a n-eisítear Teastais Phóilíní?

Údaráis Chonsalacha Eachtracha, Víosaí Eachtracha & Gnó a Bhunú i Stát AE eile.

Conas a chuirim iarratas isteach?

Ba chóir duit foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach in éineacht le cóip dheimhnithe de do phas, do cheadúnas tiomána nó a leithéid chun críocha aitheantais agus cruthúnas ar do sheoladh agus nó seoltaí roimhe seo sa phost.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Ceannfort agus/nó Príomhoifigeach Cúnta sa Rannán ina gcónaíonn an t-iarrthóir ábhartha, nó a raibh cónaí air roimhe sin, i bPoblacht na hÉireann.

Má tá cónaí orm i dTuaisceart Éireann, an féidir liom iarratas a dhéanamh ar Theastas Póilíní i bPoblacht na hÉireann?

Ní féidir, moltar duit teagmháil a dhéanamh le do stáisiúin áitiúil Seirbhís Póilíneachta Tuaisceart Éireann (SPTÉ) chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bpróiseas i dTuaisceart Éireann.

An ionann Teastais Phóilíní agus Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána?

Ní hionann iad, Ní féidir Teastas Póilíní a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, imréiteach slándála nó teistiméireacht charachtair. Ní dhéantar Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do dhaoine ach ar bhonn aonair. Ní dhéantar é ach maidir le pearsanra atá ag obair i gcáil lánaimseartha, páirtaimseartha, deonach nó i gcáil socrúcháin mac léinn i bpost in eagraíocht, trína bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar leanaí agus/nó aosaigh leochaileacha. Ní féidir foirmeacha iarratais grinnfhiosrúchán Garda a fháil ach ó eagraíocht atá cláraithe le Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána chun grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar a bhfostaithe ionchasacha.

An bhfuil aon táille ar iarratas a dhéanamh?

Níl, eisítear an Teastas Póilíní saor in aisce agus tógfaidh sé timpeall trí seachtaine é a phróiseáil.

An Garda Síochána agus Cosaint Sonraí

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS), an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (an TFD), agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá an ceart ag gach duine aonair chun teacht a bheith acu ar shonraí pearsanta a bhaineann leo atá á gcoimeád ag an nGarda Síochána.

Eisítear nochtadh um Chosaint Sonraí go díreach don iarratasóir i bpearsan dá n-úsáid phearsanta féin.

Ní féidir nochtadh um Chosaint Sonraí a fhorléiriú mar chruthúnas i leith ciontuithe ar bith, Deimhniú Póilíní, tagairt an Gharda Síochána nó Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Ba cheart do dhuine aonair a lorgaíonn teacht ar a bhfaisnéis an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ar Shonraí (F20) 

An Gharda Síochána agus Acht um Shaoráíl Faisnéise (Acht SF)

Tá an rannóg um Shaoráil Faisnéise iomlán ar fáil anseo.

Ón 14 Deireadh Fómhair 2015, tháinig an Garda Síochána faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014, maidir le taifid a bhaineann leis na réimsí riaracháin seo a leanas amháin:

  • Acmhainní duine
  • Airgeadas
  • Soláthar

Tá roinnt díolúintí tugtha don Gharda Síochána faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 chun a chinntiú go bhféadfaidh sé a phríomhfheidhmeanna a chomhlíonadh agus a chinntiú nach gcuirfear isteach ar shlándáil an Stáit.

 

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS), an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (an TFD), agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá an ceart ag gach duine aonair chun teacht a bheith acu ar shonraí pearsanta a bhaineann leo atá á gcoimeád ag an nGarda Síochána.

Eisítear nochtadh um Chosaint Sonraí go díreach don iarratasóir i bpearsan dá n-úsáid phearsanta féin.

Ní féidir nochtadh um Chosaint Sonraí a fhorléiriú mar chruthúnas i leith ciontuithe ar bith, Deimhniú Póilíní, tagairt an Gharda Síochána nó Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Ba cheart do dhuine aonair a lorgaíonn teacht ar a bhfaisnéis an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ar Shonraí (F20) a chomhlánú agus a sheoladh ar ais le pé rud is gá a chur faoi iamh ann, chuig:

Sonraí Teagmhála

An tAonad Próiseála um Chosaint sonraí

89-94 Sráid Chéipil

Baile Átha Cliath

D01 E3C6

Ríomhphost:dataprotection@garda.ie
Guthán Íosghlao +353 (01) 666 9521

Uaireanta oscailte

Luan-Déardaoin: 10.00 – 13.00 & 14.00 –16.30

Aoine: 10.00 – 13.00 & 14.00 – 16.00

Tá an rannóg um Shaoráil Faisnéise iomlán ar fáil anseo.

Ón 14 Deireadh Fómhair 2015, tháinig an Garda Síochána faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014, maidir le taifid a bhaineann leis na réimsí riaracháin seo a leanas amháin:

• Acmhainní duine

• Airgeadas

• Soláthar

Tá roinnt díolúintí tugtha don Gharda Síochána faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 chun a chinntiú go bhféadfaidh sé a phríomhfheidhmeanna a chomhlíonadh agus a chinntiú nach gcuirfear isteach ar shlándáil an Stáit.