Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Garda Síochána agus Cosaint Sonraí

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS), an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (an TFD), agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá an ceart ag gach duine aonair chun teacht a bheith acu ar shonraí pearsanta a bhaineann leo atá á gcoimeád ag an nGarda Síochána.

Eisítear nochtadh um Chosaint Sonraí go díreach don iarratasóir i bpearsan dá n-úsáid phearsanta féin.

Ní féidir nochtadh um Chosaint Sonraí a fhorléiriú mar chruthúnas i leith ciontuithe ar bith, Deimhniú Póilíní, tagairt an Gharda Síochána nó Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Ba cheart do dhuine aonair a lorgaíonn teacht ar a bhfaisnéis an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ar Shonraí (F20) a chomhlánú agus a sheoladh ar ais le pé rud is gá a chur faoi iamh ann, chuig:

An tAonad Próiseála um Chosaint sonraí,

An Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin,

Foirgnimh an Rialtais,

Lána Chnoc Fhiodh na gCaor,

Teampall Seanáin,

Inis Córthaidh,

Contae Loch Garman.

Ríomhphost:dataprotection@garda.ie

Guthán:  Íosghlao 1890 488 488