Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Fothaí Beo Teilifíse Ciorcaid Iata (TCI) Tríú Páirtí

CCTV_3

Tacaítear le misean an Gharda Síochána trí thiomantas d’obair i gcomhar le pobail agus d’úsáid na n-acmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear an teicneolaíocht, chun coireacht a chosc agus a bhrath. Ceann de na teicneolaíochtaí sin is ea TCI Poiblí. 

Tá TCI tríú páirtí in úsáid go forleathan in Éirinn agus tá sé faoi réir creataí rialála. Tá méadú tagtha ar an éileamh ar rochtain ar chórais TCI tríú páirtí chun dul i ngleic le raon cionta, lena n-áirítear cionta a bhaineann le drugaí, cionta feithiclí agus maoine agus cionta ord poiblí. 

Cé gur mór an fiúntas a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid TCI tríú páirtí ag seirbhís phóilíneachta, d’fhéadfadh sí tionchar díreach a imirt ar chearta an duine atá ag daoine aonair freisin. Dá bhrí sin, ní mór an úsáid a phleanáil go cúramach agus í a bhainistiú go hinniúil.

Foráiltear leis an Acht um Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023 go bhfuil gá le Cód Cleachtais nua maidir le Fothaí Beo Teilifíse Ciorcaid Iata (TCI) Tríú Páirtí.

Mar chuid den phróiseas chun an Cód Cleachtais nua seo a fhorbairt, tá an Garda Síochána ag reáchtáil comhairliúchán poiblí ina bhfuil aighneachtaí á lorg maidir le haon tuairimí nó barúlacha ar an dréacht-Chód Cleachtais. Tiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúchán seo an 14 Meán Fómhair 2026.

Tá sraith chuimsitheach ceisteanna coitianta (CC) curtha ar fáil chun comhthéacs breise a thabhairt mar thaca leis an dréachtdoiciméad seo. 

Próiseas Comhairliúcháin maidir leis an gCód Cleachtais um Fhothaí Beo Teilifíse Ciorcaid Iata (TCI) Tríú Páirtí

Chomh maith le tuairimí an phobail a iarraidh, tá sé de dhualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána tuairimí a iarraidh ar na daoine agus na comhlachtaí seo a leanas freisin:

  • An tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail
  • Fiosrú – Oifig Ombudsman na bPóilíní
  • An Coimisiún um Chosaint Sonraí
  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Sula n-eiseofar an Cód Cleachtais i bpróiseas comhairliúcháin faoi Chuid 8, rinneadh Measúnú Tionchair ar Chearta an Duine agus déanfar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí freisin sula bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce breithniú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais a fhoilsiú mar Ionstraim Reachtúil.

Roinn Do Thuairimí

Ba mhaith leis an nGarda Síochána iarraidh ar dhaoine den phobal a dtuairimí maidir leis an dréacht-Chód Cleachtais um Fhothaí Beo Teilifíse Ciorcaid Iata (TCI) Tríú Páirtí a chur isteach thíos. Cuirfear gach aighneacht faoi bhreithniú. 

Próiseáiltear aon sonraí pearsanta a thugann freagróirí faoi Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 9(2)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus Alt 55(1)(b)(i) den Acht um Chosaint Sonraí 2018, de réir mar is infheidhme. Ní choinneofar aon sonraí pearsanta a thugtar ar feadh tréimhse níos faide ná mar is fíor-riachtanach chun críocha aon anailíse nó athbhreithnithe ar thorthaí an aiseolais.

loading form...